Gilmore ag imeacht mar cheannaire ach fanfaidh sé ina Thanáiste – ‘ní mór dúinn atheagrú is atógáil’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le hEamonn Gilmore gur thug sé Páirtí an Lucht Oibre isteach i gcomhrialtas mar gheall ar an fhreeagracht a bhí orthu agus an ghéarchéim is measa riamh sa stát ann. Dar leis go raibh riosca ag dul lena leithéid agus gur tháinnig an toradh sa toghchán mar gheall air.  Thug sé le fios go bhfuil sé le fanacht ina Thanáiste agus gur rún dó seasamh don Dáil sa chéad toghchán eile. Ach deir sé go nglacann sé leis an fhreagracht a théann leis an toradh toghcháin agus go bhfuil athnuachan de dhíth ar an pháirtí. Dar leis nár smaoinigh sé riamh ar imeacht as an rialtas nó bheadh sin, dar leis, mífhreagrach. Dar leis gur ghá don pháirtí atheagrú agus atógáil agus gur fios scála na hoibre atá le déanamh chuige sin. Mhaígh sé nach mbainfeadh a chinneadh de sheasmhacht an rialtais agus níor nocht sé aon tuairim faoi cé a thiocfadh i gcomharbacht air mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre. D’éisigh an Taoiseach ráiteas  ag moladh an Uasal Gilmore, ag dul buíochas leis agus ag cur in iúl gur gheall sé dó go leanfadh Páirtí an Lucht Oibre lena gxoimitmint don rialtas agus a n-aidhmeanna.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:35:09

Admin/login Comments RSS

ILBF