Gerry Conlon, saol gairid céasta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cuirfear Gerry Conlon i mBéal Feirste Thiar níos moille an tseachtain seo i ndiaidh dó bás a fháil Dé Sathairn. Tháinig scéal a bháis, agus é in aois 60 bliain, aniar aduaidh ar bhunús daoine. Tuigtear go bhfuair Gerry Conlon, duine de Cheathrar Guilford, go bhfuair sé amach trí seachtain ó shin go raibh ailse marfach air. Dar lena haintín Annie gur fhulaing Gerry Conlon níos mó ná duine ar bith eile de Cheathrar Guilford ná an Seachtar Maguire mar gur shíl sé gur air féin a bhí an an locht  go deachaigh a athair Giuseppe go príosún. Chuaigh Giuseppe Conlon go Sasana chun cuidiú le cosaint a mhic, a bhí faoi thriail as na pléascáin ag Guilford.  Fad is go raibh sé i Sasana ghabh an péas Giuseppe Conlon agus roinnt gaolta eile leis an chlann gur chúisigh siad iad as a bheith páirteach i bhfeachtas buamála. Gearradh príosúnach 14 bliain air. Fuair sé bás i bpríosún ceithre bhliain níos moille. Chuaigh Gerry Conlon leis an ól agus le drugaí seal ar theacht amach as príosún dó ach lena chois sin dhírigh sé ar chuidiú le daoine fud na cruinne a bhí thíos le heagóir. Chuaigh sé chuig an Astráil chun tacú le bundúchasaigh agus go Stáit Aontaithe Mheiriceá gur thaistil sé ó ollscoil go hollscoil ag cuimhniú ar dhaoine go mbeadh seisean marbh dá mba rud é go raibh pionós an bháis i bhfeidhm i Sasana sna 1970í. Thacaigh sé le roinnt de na daoine a cuireadh faoi ghlas i bpríosún Guantanamo agus chuir i gcoinne géilleadh úrghnách, ‘extraordinary rendition.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 05:58:03

Admin/login Comments RSS

ILBF