Gearrliosta do Ghradaim Chumarsaide an Oireachtais 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Clár faisnéise faoi Pháidí Ó Sé i measc na gclár atá ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014

 

Tá clár faisnéise faoin imreoir peile mór le rá as Ciarraí, Páidí Ó Sé, a fuair bás i mí na Nollag 2012, i measc na gclár teilifíse atá ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Fógraíodh gearrliosta na ngradam inniu agus beidh siad ar siúl in Óstán Galway Bay Dé hAoine, 16 Bealtaine 2014. Beidh craoltóir nuachta RTÉ, Aengus Mac Grianna, ar ais arís ina ról mar Fhear an Tí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014. Déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus na gradaim seo á mbronnadh agus tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas.

 

I mbliana, cuirfear córas nua vótála i bhfeidhm do na gradaim agus roghnóidh painéal moltóirí na buaiteoirí. Beidh ar na hainmnithigh samplaí dá gcuid oibre a chur isteach agus tabharfaidh painéal saineolaithe marcanna dóibh bunaithe ar chritéir faoi leith.

 

I measc na láithreán atá ainmnithe don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr, tá an suíomh nuachta agus eolais Gaeilge www.gaelport.com, an iris mhíosúil ar líne www.beo.ie agus an láithreán gréasáin físiriseoireachta www.meoneile.ie.

 

Beidh an scannán gearr “Rúbaí”, scéal faoi chailín óg a fhógraíonn gur aindiachaí í agus nach bhfuil sí ag iarraidh páirt a ghlacadh i Lá na Chéad Chomaoineach leis na páistí eile sa rang, agus an clár faisnéise “Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste” in iomaíocht lena chéile do Scannán / Clár Teilifíse na Bliana.

Tá an tsraith de chuid Abú Media, “Garraí Glas”, a léiríonn an bealach le do chuid bia féin a fhás ag baint úsáide as modhanna traidisiúnta agus orgánacha in iomaíocht leis an tsraith faisnéise “Lads Mar Dads”, a dhéanann cíoradh ar aithreacha sa lá atá inniu ann do Sraith Teilifíse na Bliana. Tá Máire Treasa Ní Dhubhghaill, an láithreoir teilifíse do pháistí agus an tráchtaire rugbaí, i measc na ndaoine atá ainmnithe do Craoltóir Teilifíse na Bliana chomh maith le Tristan Rosenstock, láithreoir an chláir ealaíon “Imeall” ar TG4.

 

“Tá lucht na Gaeilge ag labhairt amach arís – bhí beagnach 7,000 duine ag Lá Mór na Gaeilge, tá na milliúin tar éis breathnú ar fhíseáin Choláiste Lurgan agus ceapadh coimisinéir teanga nua le bliain anuas,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá daoine ar fud na tíre ag tabhairt airde ar an nGaeilge arís agus tá ról lárnach ag earnáil na meán Gaeilge an t-athrú seo a fhairsingiú agus ardán a chur ar fáil dúinn,” a deir sé.

 

Tá Rónán Ó Muirthile ó Newstalk i lár an aonaigh sna catagóirí raidió i mbliana. Ainmníodh an clár seachtainiúil a bhíonn aige “Splanc” do Sraith Raidió na Bliana agus tá sé in iomaíocht freisin don teideal Craoltóir Raidió na Bliana.

 

Tá an t-ainmnitheach is óige ar an ngearrliosta i mbliana ainmnithe do Aisteoir na Bliana; tá an cailín scoile, Doireann Ní Fhoighil ainmnithe don phríomhról aici sa scannán gearr “Rúbaí”. Tá sí i gcomórtas le Macdara Ó Fátharta, Eoin Ó Dubhghaill agus Eithne Nic Enrí ó “Ros na Rún”. Tá Denis Conway san iomaíocht chomh maith dá ról in “Scúp”, dráma de chuid BBC/TG4.

 

Beidh dhá cholúnaí a scríobhann don leathanach Gaeilge a bhíonn san Irish Times gach seachtain ‘Bileog’, Alan Titley agus Caoimhe Ní Laighin, in iomaíocht lena chéile sa chatagóir Colúnaí/Iriseoir na Bliana in éineacht le Tomaí Ó Conghaile ó Nós agus Concubhar Ó Liatháin, Seachtain agus iGaeilge.

 

Beidh sé tugtha faoi deara acu siúd ag a bhfuil fios an fhaisin an stíl a bhíonn ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais gach bliain. Mar sin, beidh gné nua, spraíúil i gceist ag na gradaim i mbliana agus roghnófar an bhean is fearr éide agus an fear is fearr éide ar an oíche. Cuirfidh Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a Cabaret Craiceáilte ar siúl tar éis an bhronnta, rud a thabharfaidh deis do na hainmnithigh leanúint leis an gceiliúradh ar feadh na hoíche.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Lisa Madden, Stillwater Communications   T: 01 6770630               R: lisa@stillwater.ie

Natasha Fennell, Stillwater Communications      T: 01 6770630                  R: natasha@stillwater.ie

 

Féach ar an aguisín iniata le haghaidh liosta iomlán na ndaoine atá ainmnithe.

  1. 1.  TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Garraí Glas                                                Abú Media

Lads Mar Dads                                           Good Company Productions

Ros na Rún                                                         EO Teilifís & Tyrone Productions

Róisín                                                       TG4

  1. 2.  TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste                          Magamedia Productions

An Dubh ina Gheal                                      Saoi Media

Vótaí do Mhná                                           Dearcán Media

Rúbaí                                                       Magamedia Productions

It’s a Blas                                                 Below The Radar

 

  1. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

Páidí Ó Lionaird                                        7Lá / Gradam Ceoil TG4

Róisín Ní Eadhra                                        Róisín

Tristan Rosenstock                                     Imeall

Sorcha Ní Mhonacháin                                 Nuacht TG4/RTÉ

Máire Treasa Ní Dhubhghaill                        Rugbaí Beo / PONC

 

  1. AISTEOIR NA BLIANA

Eoin Ó Dubhghaill                                                 Fiach, Ros na Rún

Doireann Ní Fhoighil                                   Rúbaí, Rúbaí

Macdara Ó Fátharta                                    Tadhg, Ros na Rún

Denis Conway                                            Diarmuid, Scúp

Eithne Nic Enrí                                          Bríd, Ros na Rún

 

  1. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Spórt an tSathairn                                                RTÉ Raidió na Gaeltachta

20 Bliain                                                  Raidió na Life

Splanc                                                      Newstalk

Blas                                                         BBC Raidió Uladh

An Saol ó Dheas                                         RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

  1. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

Gormfhlaith Ní Thuairisg                                       RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cian Mac Cárthaigh                                    Raidió na Life

Helen Ní Shé                                             RTÉ Raidió na Gaeltachta

Rónán Ó Muirthile                                                Newstalk

Lisa Nic an Bhreithimh                               Raidió na Life

Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha                        RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

  1. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA

Caoimhe Ní Laighin                                    Irish Times

Tomaí Ó Conghaile                                     Nós

Concubhar Ó Liatháin                                 Seachtain & iGaeilge

Alan Titley                                                          Irish Times

 

  1. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA

www.gaelport.com                                     Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

www.beo.ie                                              Oideas Gael

www.tg4.ie/seannos                                  TG4

www.meoneile.ie                                                Below the Radar

www.nuacht24.com                                    Eoghan Ó Néill

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 19:58:13

Admin/login Comments RSS

ILBF