Gearóid Mc Adam – mo dhlíodóir i dteagmháil leis an PSNI

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Gearóid Mc Adam gur iarr sé ar a dhlíodóir dul i dteagmháil leis an PSNI le fáil amach an bhfuil siad ag iarraidh caint leis maidir le tuairimíocht is líomhaintí faoi mharú Jean Mc Conville. Bhí sé ag caint faoi tuairimíocht sna meáin atá ag dul i dtreis le roinnt laethanta anuas. Mhaígh ceannaire Shinn Féin arís eile nach raibh aon bhaint aige le marú Jean Mc Conville agus mhaígh sé as an úr gur éagóir mhillteanach a bhí ann. Cháin sé go géar an Boston Oral History Project agus chuir in iúl gurb é Paul Bew, comhairleoir le David Trimble, a chéad mhol a leithéid. Agus dar leis go bhfuil dís a bhí chun tosaigh san fhiontar, Ed Moloney agus Anthony Mc Intyre, de shíor ag cáineadh Sinn Féin, a straitéis síochána, ceannaireacht Shinn Féin agus é féin go háirithe. Mhol sé go mbeadh próiseas idirnáisiúnta neamhspleách athghabháil na fírinne ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-23 23:40:16

Admin/login Comments RSS

ILBF