Gearóid Mc Adam faoi ghlas go fóill – SF ag maíomh gur seift pholaitiúil atá ann

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Mary Lou Mc Donald gurb iad eilimintí den ‘shean-gharda’ taobh istigh den PSNI agus d’aontachtaithe atá freagrach as gabháil cheannaire an pháirtí, Gearóid Mc Adam. ‘Creidim go bhfuil an amáil don ghabháil seo polaitiúil.  Go bhfuil  dóchas ann go ndéanfar dochar do fheachtas toghcháin Shinn Féin’ ar sí.’

Ní léir cad é go díreach an chúis ar ghabh an PSNI Gearóid Mc Adam seachas é a cheistiú faoi rabhadh gan é a ghabháil. Séanann foinsí de chuid an PSNI go raibh an rogha sin acu nó dar leo i gcás chomh tromchúiseach le dúnmharú nach é sin an cur chuige is fearr. Dúirt Gerry Kelly, ball tionóil le Sinn Féin, dúirt seisean aréir go raibh an rogha sin ann agus gur sin díreach an rud a rinne an PSNI nuair a cheistigh siad eisean anuraidh faoi eachtraí a tharla le linn agóide i gcoinne mhórshiúil Oráistigh.

Thig leis an PSNI duine a choinneáil roinnt laethanta sula gcaithfidh siad an duine a chúisiú , síneadh ama a lorg ó bhreitheamh cúirte nó é/í a ligean saor.

I gcás Ivor Bell, an t-aon duine amháin a cúisíodh go dtí seo as aon chúis a bhaineann le cás Jean Mc Conville, creidtear go bhfuil an PSNI ag tógáil cás bunaithe ar agallaimh a thug roinnt Poblachtaigh do chartlann a bhí á coinneáil i gColáiste Bhostúin. B’iad iarbhall den IRA, Anthony Mc Intyre agus an t-iriseoir Ed Maloney an bheirt is mó a ceanglaíodh go poiblí leis an chartlann sin.

Ar maidin dúirt mac le JeanMc Conville, Michael, go bhfuil aithne aige ar roinnt de na daoine a tháinig chuig an teach agus a thug ar shiúil a mháthair. Bhí seisean aon bhliain déag d’aois ag an am. Deir sé gur ghabh baill den IRA é roinnt laethanta níos moille , bhuail é agus bhagair air gan a rá le héinne cerbh iad nó go mbeadh daor air agus ar a chlann. Deir sé go bhfuil eagla air go dtí inniu féin go marófaí é nó duine dá mhuintir dá rachadh sé os comhair cúirte.

Dúirt an Taoiseach ar maidin nach bhfuil aon bhaint ag páirtithe sna 26 Chontae le gabháil Ghearóid Mhic Adam. Dar leis gurb í JeanMc Conville an fíoríospartach sa scéal seo ar fad.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 19:56:49

Admin/login Comments RSS

ILBF