Gearóid Mc Adam chun dul ar chuairt go Margaretta D’Arcy inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tabharfaidh ceannaire Shinn Féin Gearóid Mc Adam TD cuairt ar Margaretta D’Arcy inniu. Labhróidh sé leis na meáin i ndiaidh dó cuairt a thabhairt uirthi. Beidh an chuairt ann thart faoi 3.00 in inniu. D’éiligh an Teachta Dála roimhe seo go ligfí saor Margaretta D’Arcy atá i bpríosún le mí, nach mór, as gan a bheith ag tabhairt barántas gan agóid a dhéanamh i gcodanna áirithe de Aerfort na Sionainne. Beidh bigil chun tacú le Margaretta D’Arcy ag an Spíce i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn ó 1.00in go 2.00in, lá a bheidh sí mí faoi ghlas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 13:40:36

Admin/login Comments RSS

ILBF