Gearóid Mc Adam chun bualadh le ceannairí Palaistíneacha/Iosraelacha

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tabharfaidh ceannaire Shinn Féin cuairt Dé Céadaoine is Déardaoin ar Iosrael agus ar an Phalaistín chun bualadh le ceannairí ansin. Buailfidh sé Dé Céadaoine le Issac Herzog, ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre in Iosrael. Agus buailfidh sé Déardaoin le Mahmoud Abbas, ceannaire ar an Údarás Palaistíneach. Tá cuireadh air fosta ón áisínteacht UNRWA chun cuairt a thabhairt ar Gaza agus deir an Teachta Dála Mc Adam go bhfuil sé muiníneach nach bhféachfaidh Iosrael le cosc air dul isteach in Gaza. Dar leis gur mhaith leis fáil amach ó cheannairí sa reigiún cad iad na fadhbanna agus na féidearthachtaí ansin, a chomhbhá a léiriú do na Palaistínigh i mbliain seo na ‘Comhghuaillaíochta Idirnáisiúnta leis an Phalaistín’ agus gur mhaith leis aon tacaíocht a thabhairt go dtig leis chun cuidiú le cur chun tosaigh na síochána sa reigiún.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 14:40:10

Admin/login Comments RSS

ILBF