Gearóid Mc Adam á cheistiú ag an PSNI

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuigtear go bhfuil an PSNI ag ceistiú Gearóid Mc Adam anocht maidir le líomhaintí a rinneadh faoi bhaint a bheith aige le marú Jean Mc Conville. Thug ceannaire Shinn Féin le fios níos luaithe inniu go raibh sé le bheith ar fáil d’agallamh leis an PSNI anocht. Shéan Teachta Mc Adam riamh do na líomhaintí agus thairg dul faoi agallamh ag an PSNI faoin scéal. I ráiteas anocht dhearbhaigh an PSNI go bhfuil fear 65 bliain d’aois gafa acu lena cheistiú faoi dhúnmharú Jean Mc Conville. Níor thug siad ainm an duine ar ghabh siad.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:58:50

Admin/login Comments RSS

ILBF