Gearóid Mac Donncha ceaptha ina Leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

 

Tá Gearóid Mac Donncha ceaptha ina Leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 

Is as Béal an Daingin do Ghearóid, agus tá sé ag obair mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2012.

 

Thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i 2006. Is sa rannóg nuachta a d’oibrigh sé den chuid is mó. Chaith sé dhá bhliain ag cur Nuacht a hAon i láthair, agus is é a bhí sa chathaoir do chlár chúrsaí reatha na maidine, Adhmhaidin, ó 2010 go 2012.

 

Bronnadh an gradam do Chraoltóir Raidió na Bliana ar Ghearóid ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2010, agus bhuaigh sé an duais d’Iriseoir Gaeilge na Bliana ag Gradaim Náisiúnta na Meán 2009.

 

Dúirt an Ceannaire Edel Ní Chuireáin:

‘Cuirim fáilte roimh cheapachán Ghearóid mar Leascheannaire, fear Gaeltachta a bhfuil scileanna agus taithí aige san iliomad réimsí, go háirithe nuacht agus spórt. Chuir sé go mór leis an bhfoireann bainistíochta nuair a ceapadh mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta é, agus beidh mé ag súil le bheith ag obair go dlúth leis sna blianta romhainn. Guím gach rath air agus é ceaptha sa ról tábhachtach sinsearach seo le RTÉ Raidió na Gaeltachta’.

 

Dúirt Gearóid Mac Donncha:

‘Is mór an onóir agus an phribhléid dom é a bheith ceaptha mar Leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá mé ag súil go mór oibriú le foireann an raidió sa ról nua seo agus tabhairt faoi na dúshláin atá amach romhainn ar mhaithe leis an bpobal éisteachta agus an tseirbhís.’

 

Chomh maith lena spéis i gcúrsaí reatha, tá an-spéis ag Gearóid i gcúrsaí spóirt. Chuir sé tús lena ghairm mar chraoltóir leis an gcomhlacht Nemeton sa Rinn, áit ar chaith sé ocht mbliana ag obair mar thráchtaire do TG4, agus ansin mar Bhainisteoir Sinsearach sa chomhlacht. Bhí sé ar dhuine de bheirt iriseoirí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a chuaigh go Beijing i 2008 le tuairisciú ar na Cluichí Oilimpeacha.

 

Tagann Gearóid Mac Donncha i gcomharbacht ar Rónán Mac Con Iomaire, atá ceaptha anois ina Ghrúpceannasaí Gaeilge ag RTÉ.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 23:45:57

Admin/login Comments RSS

ILBF