Gearóid Mac Ádhaimh chun Slógadh Shinn Féin a sheoladh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mac Ádhaimh le Slógadh Shinn Féin a sheoladh i nDoire

Tá Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh le Slógadh bliantúil an pháirtí a sheoladh Dé Sathairn 4ú Deireadh Fómhair i nDoire Cholmcille

Is imeacht é an Slógadh a dhéanann cultúr na Gaeilge a chur chun cinn agus a cheiliúradh. Beidh díospóireachtaí painéil, turas staire agus tráth na gceist ann.

Beidh Slógadh na bliana seo i gCultúrlann Uí Chanáin, i Mórshráid Shéamais i nDoire.

Déanfaidh Gearóid Mac Ádhaimh an oscailt oifigiúil ar a 11rn. Ina dhiaidh sin pléifidh gaolta de shínitheoirí Fhorógra na hÉireann 1916 oidhreacht an Éirí Amach agus muid ag druidim leis an chomóradh Céad Bliain.

I measc na ngaolta beidh James Connolly Heron (gaol le Séamas Ó Conghaile), Honor Ó Brolcháin, atá gaolta le Seosamh Pluincéad, agus Eamonn Mac Dermott. Gabhadh seanathair s’aige i nDoire i 1916. Beidh Róise Ní Thoirealaigh CTR ina cathaoirleach ar an seisiún seo.

Beidh turas dátheangach ar Thaobh an Bhogaidh ag díriú isteach ar stair an cheantair.

Beidh painéal díospóireachta ar straitéis na n-eagras Gaeilge agus beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, ó Ghlór na nGael, ó Chumann na bhFiann agus ón Choiste Infheistíochta i láthair. Is é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh an cathaoirleach den seisiún seo.

Druidfear an lá ag John Boy Ó Muireagáin le tráth na gceist as Gaeilge

Beidh sólaistí ar fáil lena linn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:33:17

Admin/login Comments RSS

ILBF