GAZA , 600-800 i mbun agóide ag ceannáras an BBC i mBéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

BBC – GAZA Bhí tuairim is 600-800 duine i láthair anocht ag agóid faoi Gaza taobh amuigh de cheannáras an BBC i mBéal Feirste. Iad ag cáineadh tuairsciú an BBC ar imeachtaí in Gaza nó dar leo go bhfuil sé claonta go hiomlán i dtreo Iosrael. Ba é an scaifte is mó a bhfachthas i mbun agóide taobh amuigh den BBC i mBéal Feirste leis na cianta. Bhí tuairis is 4,000 i láthair ag agóid ar son phobal Gaza  ag Halla na Cathrach Bhéal Feirste inné, scaifte de 500-600 ag Halla na Cathrach Dé Céadaoine, 500 ar Bhóthar na bhFál Dé Luain seo caite agus is léir go bhfuil borradh faoin chás i mBéal Feirste.  13121851097432

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:35:45

Admin/login Comments RSS

ILBF