Garth Brooks – cúig seó nó ceann ar bith!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ní bheidh aon athrú ar chinneadh Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath gan ach trí cheolchoirm le Garth Brooks a cheadú. Deir an tArd Mhéara Christy Burke gur dúirt bainisteoir an chomhairle sin leis nuair a rinne sé fiosrú ar maidin inniu.

Deir lucht poiblíochta Garth Brooks go bhfuil an cheoltóir chun cúig seó a dhéanamh in Éirinn nó ní dhéanfaidh sé aon cheann agus gur sin an t-aon rogha atá anois ann. Dar leo gur dúirt sé gur ionann dó a bheith ag roghnú seónna le cur ar cheal agus roghnú páiste dá chuid seachas páiste eile dá chuid. Agus go bhfuil sé muiníneach go ndéanfaidh an Comhairle an cinneadh ceart do phobal na hÉireann. Ní léir fós an leanfar leis na seónna seo. Bhí cúig cinn beartaithe ach i bhfianaise go raibh trí seó i mí Bealtaine ag One Direction i bPáirc an Chrocaigh agus gur mhó seó a bhí beartaithe le Garth Brooks ag an Pháirc ná aon siamsóir roimhe shocraigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go mbeadh cur isteach ar shaol phobal na háite iomárcach agus nár cheart ach trí seó a cheadú. Tá caint anois faoi chás dlí, agus beag seans go n-éireodh leis de réir dealraimh, agus an locht a spré go fairsing ag nuachtáin is tráchtairí, ar bhaill den Chomhairle, ar áitritheoirí, ar an eagraí, Peter Aitken, ar an CLG agus ar go leor eile. Ach an cuma atá ar an scéal i láthair na huaire ná go gcaithfear ionad nua a aimsiú don dá seó nár ceadaíodh agus féacháil lena réiteach ar an bhealach sin. Seachas réiteach mar sin caithfear 400,000 a aisíoc agus dar le Fianna Fáil go ndéanfar dochar mhillteanach don tionscal turasóireachta in Éirinn agus do chlú na tíre!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 06:02:38

Admin/login Comments RSS

ILBF