Gaolta bhuamaí Átha Cliath/Muineacháin leis an dlí a chur ar rialtas na Breataine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá dlíodóir i mBéal Feirste ag obair le gaolta roinnt de na daoine a maraíodh i mbuama Bhaile Átha Cliath/Muineacháin chun an dlí a chur ar rialtas na Breataine. Tá siad ag cur in iúl go raibh dlúthpháirtíocht idir daoine a bhí ag obair ar son rialtas na Breataine agus dílseoirí chun na buama a shíobadh, buamaí a mharaigh 33 duine, an líon is mó daoine a maraíodh in aon lá amháin feadh na dTrioblóidí. Bhí bean torthach orthu siúd a maraíodh agus baineadh na géaga de roinnt den 300 duine a gortaíodh. Níor ciontaíodh aon duine riamh as na buamaí ach de thairbhe a chasta is a bhí sé ceithre bhuama a phléascadh in aon iarracht amháin faoi chóngar don am céanna agus cionn is gnéithe eile den scéal bhí an tuairimíocht láidir riamh ann go raibh lámh ag eilimintí de sheirbhísí rúnda na Breataine ann. Bhí roinnt dílseoirí luaite go sonrach leis na buamaí agus le sléachtanna eile a tharla, cuid mhór acu, faoi Ard Mhacha Theas agus Thuaidh mar aon le roinnt bailte faoi chóngar don teorainn. In 2003 chuir an iarGhiúistís Henry Barron in iúl , i ndiaidh dó fiosrúchán a dhéanamh, go raibh an cuma ar an scéal go raibh dlúthpháirtíocht ag leibhéal éigin idir na húdaráis ó thuaidh agus dílseoirí paraimhíleata.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-06-29 03:06:33

Admin/login Comments RSS

ILBF