Gaeltacht Bhóthar Seoighe, in íomhánna agus i bhfocail

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Déanfaidh an tAthair Breandán Mac Maoláin Lainseáil ar Bealach na hAislinge, Leabhar le Domhnall Mistéil.

 

@: 1.00in Dé Sathairn 10ú Bealtaine 2014, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich

 

Tionscadal de chuid Forbairt Feirste é seo a dhéanann cur síos ar Bhóthar Seoighe, in íomhánna agus i bhfocail, le teaghlach sínte amháin a bhfuil gaol clainne acu le ceithre cinn de na hocht dteaghlach bunaidh agus gaol cairdis leo uilig. Thar rud ar bith eile, ámh, ba í an fhís a bhí acu don Ghaeilge a nasc na teaghlaigh go léir. Níl anseo ach scéal amháin; tá tuilleadh le hinsint, ag páistí agus ag garpháistí na dteaghlach eile chomh maith. Ní féidir barraíocht scéalta a bheith ann, idir nua agus sean, scéalta ó Bhóthar Seoighe agus ó Ard na bhFeá chomh maith. Tá tithe nua le tógáil agus scéalta nua le teacht. Tá súil as againn go dtiocfaidh an dá rud as an leabhar seo. Fáiltíonn muid roimh an am atá le teacht.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-21 01:52:44

Admin/login Comments RSS

ILBF