Gaelscoil na bhFál- Bliain Mhór Peile 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

gaelscoilphoto

Gaelscoil na bhFál- Bliain Mhór Peile 2014

 

Ceithre chorn- Sraith na mBuachaillí, Sraith na gCailíní, Corn Carragher- Craobh na mBuachaillí agus Pláta Choláiste Feirste ag Féile Peile na nGaelscoileanna

 

Bhí bliain mhór iontach ag foirne peile Ghaelscoil na bhFál i mbliana sa pheil ghaelach. Chríochnaigh siad an séasúr le ceithre chorn, éacht amach is amach do bhunscoil bheag le aon rang amháin in achan bhliain ghrúpa.

 

Cuireann Gaelscoil na bhFál an-bhéim ar chúrsaí spóirt ach go háirithe na cluichí gaelacha.

Bíonn páistí R1-R3 ag traenáil gach seachtain le traenalaí de chuid Chomhairle Uladh. Ó R4 ar aghaidh go R7, bíonn cumann iar scoile ann don pheil agus tá freastal iontach ar an chumann seo.

Tá áiseanna spóirt d’ard chaighdeán ag an scoil. Tá halla spóirt agus páirc 3G ag Ionad na Saileoga againn. Is minic go mbíonn na páistí ag imirt agus ag traenáil ar an pháirc seo ag am sosa agus am lóin fosta.

 

Bíonn na múinteoirí sa scoil iontach báúil le spórt, go háirithe Seán agus Fionntán a bhíonn ag traenáil agus ag ullmhú na bpáistí do na comórtais.

Bíonn duine de na tuismitheoirí, Glenn Phillips an-chuidiúil fosta agus bíonn sé ag cleachtadh agus ag traenáil na bpáistí chomh maith.

 

I mbliana mar sin, bhí foirne  Ghaelscoil na bhFál ullmhaithe agus ar bís, nuair a thosaigh na sraitheanna agus na comortáis.

Bhain foireann na gcailíní agus foireann na ngasúraí sraith s’acu roimh an Nollaig. Níor chaill siad oiread is cluiche amháin.

Ag Féile Peile na nGaelscoileanna, comortás mór na bliana do na gaelscoileanna, chuir an scoil trí fhoireann isteach A, B agus C. D’imir siad i gCorn Liam Uí Mhuirí agus Pláta Choláiste Feirste. Thóg foireann B an pláta leo, bua iontach.

 

Ina dhiaidh seo, bhí foireann na gcailíní réidh don chraobh. Bhuail Holy Trinity iad i gcluiche iontach teann ag sólann na Carraige Báine.

 

Ina dhiaidh seo, bhí foireann na ngasúraí oilte agus ullmhaithe don chraobh, Corn  Carragher. Bhain an fhoireann fríd ón ghrúpa go dtí cluiche leath cheannais in éadan St. Bernard’s. Seo an scoil chéanna a d’imir Gaelscoil na bhFál i gcluiche ceannais na sraithe. Arís eile, bhí cluiche iontach corraitheach ann, ach tháinig buachaillí na gaelscoile fríd sa deireadh !

 

Den chéad uair riamh i stair na scoile, bhí Gaelscoil na bhFál fríd chuig cluiche ceannais na craoibhe.

Ar Lá Ceannais na mBunscoileanna ag páirc, Mary Peter’s, d’imir Gaelscoil na bhFál in éadan St.Colman’s.

Cluiche den scoth a bhí ann le hard chaighdeán peile. Thug gach gasúr ar an pháirc céad faoin chéad do scoil s’acu. Ag leath ama, bhí St.Colman’s chun tosaigh le cúig cúilín agus gidh gur imir gasúraí na gaelscoile go maith, ní raibh sin le feiceáil ar an chlár scóir.

 

Sa dara leath, tháinig Gaelscoil na bhFál ar ais go láidir agus bhí an taispeantás peile tugtha ag Adam Robinson, Lorcán Phillips mar chosantóirí.

Sa deireadh, d’éirigh le lár na páirce Ghaelscoil na bhFál an lámh in uachtar a fháil agus Conrad Mc Curdy agus Johnathan Mc Kenna i mbarr a réime.

D’aimsigh buachaillí na gaelscoile scór i ndiaidh scóir ó chosa Corey Mc Donald agus James Óg Mc Cabe.

Ní raibh ach cúpla bomaite fágtha agus, bhí St.Colman’s go fóill chun tosaigh.

Ansin, go tobann d’athraigh an cluiche i dtreo na gaelscoile. Chuaigh Diarmuid O’Hanlon ar an ionsaí, thug sé pás do Lorcán  Phillips a rinne ruathar iontach ó lár na páirce agus bhí Gaelscoil na bhFál chun tosaigh le cúilín!

 

Ansin arís, thaispeáin St.Colman’s spiorad iontach agus chuaigh siad díreach ón pháirc agus scoráil siad cúilín eile a chuir an dá scoil ar comhscór.

Ní raibh fágtha anois ach bomaite agus bhí an t-ádh dearg ar Ghaelscoil na bhFál nuair a thit an liathróid isteach i lámha James Óg agus chuir sé an liathróid thar an trasnán agus bhí an cluiche thart!

 

Bua cinniúnach a bhí ann. Cluiche iontach a bhí ann agus lá iontach do Ghaelscoil na bhFál

 

Buiochás mór don réiteoir Paddy Mullen agus buiochás mór do Chumann na mBunscoileanna Aontroma, ach go háirithe Les Mc Crory.

 

Foireann- Oskar Deevy Peerson, Corey mc Donald, Adam Robinson, Lorcán  Phillips, Oisín Browne, Johnathan Mc Kenna, Conrad Mc Curdy, James Óg Mc Cabe, Oisín Mc Dowell,Patrick Murray, Diarmuid Ó Hanlon, Jake O’Rawe, Rossa Morgan, Seaghán Óg Ó Néill agus Críostóir Browne

TÍR GAN TEANGA, TÍR GAN ANAM!

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 11:07:55

Admin/login Comments RSS

ILBF