‘Gaelphobal Bhéal Feirste’ le Brighid Mhic Sheáin – an chéad chaint Ghaeilge ariamh in Oifig na dTaifead Poiblí i mBéal Feirste

gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

231Caint ar Ghaelphobal Bhéal Feirste

Cúlra

Sa chaint seo beidh mé ag labhairt ar chuid éigin de scéal na Gaeilge ó na caogaidí agus ar mo thaithí féin ar an chuid sin.  Mar sin, is cuntas pearsanta é seo den chuid is mó.  Ní leacht léannta é bunaithe ar staidéar faoi leith ar stair na Gaeilge nó ar an teanga féin, fiú  -  tá mé ag rá sin ag an tús le nach mbeidh éinne ag súil lena mhalairt.

Sa chéad chuid de na caogaidí bhí mé ar scoil agus geallaim daoibh nár fhoghluim mé Gaeilge ar bith, ach sa bheag.  Ba sa dara cuid de na caogaidí a d’fhoghluim mé an Ghaeilge atá agam anois   -  agus, le fírinne a rá, ba le dua a d’fhogluim mé an méid sin féin.  Creidim go bhfuil daoine ann ar bronnadh bua na dteangacha orthu   -   agus daoine eile a fágadh ar an ghannchuid.

 

Caidreamh

Ar nós gach foghluimeoir eile d’fhreastail mé ar ranganna  -  a oiread ranganna is a thiocfadh liom a aimsiú.  Ach ag an aos óg is é an saol caidrimh a bhíonn meallacach; comhluadar agus imeachtaí aeracha a shantaíonn na daoine óga; bhí mé féin sna déaga ag an am agus is dócha gur mó Gaeilge a d’fhoghluim mé ón chuideachta agus ó na himeachtaí a bhíodh ar siúl ná ó na ranganna.  An chéad chuimhne atá agam ar an Ghaeilge taobh amuigh de ranganna is ar chumann snámha atá sé.  Bhíodh an Cumann Snámha Gaeilge sna folcadáin phoiblí i Peter’s Hill ar Bhóthar na Seanchiile agus théinn ann gach Déardaoin le tuáille agus culaith snámha ach gan bang snámha nó focal Gaeilge agam. Má bhí  mé ag súil leis an dá chuid a fhoghluim ag an am amháin baineadh mealladh asam nó níl bang snámha agam go fóill.

Mar a chuimním air anois bhíodh neart imeachtaí ann: céilithe, oícheanta ceoil, cumann rothaíochta sa samhradh, cruinnithe den Réalta oíche Shathairn.  Ba leagan Gaeilge den Leigiún Mhuire é an Réalt;  bhíodh cainteanna, cluichí, cupán tae agus ar ndóigh, tuilleadh ceoil  -  ba ag an Réalt a chuala mé na píobaí uilleann den chéad uair  -  tharla nach bhfuil cluas ar bith don cheol agam ní dócha gur chuir siad isteach orm.

Nuair a bhí mé ag foghluim Gaeilge le seacht nó ocht mí chuaigh mé i 1957 chun na Gaeltachta den chéad uair   – áit i ngar do Rann na Feirste.  Den chéad uair chuala mé an Ghaeilge á labhairt mar theanga chumarsáide  agus chan mar chaitheamh aimsire, á labhairt ag gnáthdhaoine agus iad ag caitheamh gnáthshaoil;  bhí saoirse cainte acu, nach raibh buartha faoi na fuaimeanna nó faoin tuiseal ginideach;  labhair siad Gaeilge lena gcuid páistí agus labhair na páistí Gaeilge lena dtuismitheoirí.  Agus bhí an craic go maith, cé nach dóigh liom gur labhair mé dhá fhocal agus mé ann;  ní hé go raibh riail ann gan Béarla a labhairt ach bhí sé tuigthe go raibh tú ann leis an teanga a fhoghluim agus gur cheart duit an deis a thapú, gan do chuid ama a chur amú le Béarla.  D’oibrigh sin, caithfidh mé a admháil.  Ar theacht abhaile dom bhí an Béarla mar a bheadh teanga choimthíoch ann ar feadh tamaill.

 

Mar a luaigh mé cúpla uair bhí comhluadar agus caidreamh ann an t-am sin agus uaidh sin d’eascair caidreamh níos dlúithe agus pósadh roinnt lánúineacha óga faoin am céanna.  Ar ndóigh, tharla sin ariamh  ach i gcónaí d’imigh na lánúineacha soir siar agus rinne saol daoibh féin. Bhí corrlanúin ann a thóg clann i nGaeilge, rud nach raibh furust i mBéal Feirste an t-am sin.  Is cuimhin liom go raibh cailín ar an bhunscoil liom féin a tógadh le Gaeilge; sílim go raibh gach duine sa scoil in éad léi;  bhí na mná rialta i ngrá léi  -  dá mba col ceathrar don Phápa í ní bhfaigheadh sí an t-ómós a thug muidinne uilig di.

 

Anois  -  ag tús na seascaidí  -  níorbh ionann an saol:  bhí lanúineacha ann anois nach raibh de thaithí acu ach ar Ghaeilge a labhairt le chéile; bhí cuspóirí i gcoitinne againn, aithne mhaith againn ar a chéile agus muinín againn as a chéile.  Bhí muid óg agus sláintiúil.  Cheana féin bhí leanaí ag cuid againn.

 

Dar linn féin go raibh sé follasach caidé ba cheart a dhéanamh.  Bhí plean againn:  ní amháin go raibh muid ag dul a thógáil ár gcuid páistí le Gaeilge, bhí muid ag dul a dhéanamh sin i gcomhar lena chéile.  Mar a deirtear, ‘ní neart go cur le chéile.‘  B’fhéidir go raibh sin uilig follasach againn-ne ach ní dóigh liom go raibh gach duine ar aon intinn linn agus bhí neart ann a cheap gur beart dodhéanta a bhí ann.  Ach chonacthas dúinn go ndéanfadh a leithéid de scéim ár leas: bheadh baicle bheag againn cruinn ar an láthair amháin i mBéal Feirste, bheadh an Ghaeilge ag na comharsana agus thar gach rud eile, bheadh timpeallacht ag ár bpáistí ina mbeadh an Ghaeilge á labhairt acu i gcuideachta páistí eile.  Agus lena cois, dhéanfadh sé leas na Gaeilge i mBéal Feirste;  bhí sé thar am, dar linn, a thaispeáint don saol go raibh beocht sa Ghaeilge agus sracadh i lucht na Gaeilge.  Cheap muid go raibh an Ghaeilge lagbhríoch, agus in ionad na dteoiricí agus na fealsúnachta ba mhithid an gníomh a dhéanamh.  Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, “teastaíonn baile ó lucht na Gaeilge; bunaidís féin é.”

 

An chéad smaoineamh a bhí againn go dtiocfadh linn scéim títhíochta a aimsiú agus tithe a cheannacht ar an láthair le go mbeimid ina gcónaí in aice le chéile.  Ó, dá mbeadh sé chomh furast sin!  Ach tharla sin bheith dodhéanta.  Mar sin, thuig muid  nach raibh an dara rogha againn ach talamh a cheannacht agus na tithe a thógáil dúinn féin.   Ba é sin an rud a rinne muid.  Ach bhain sé na blianta asainn.   Cuimhnigh go raibh an gnó seo á phlé againn chomh luath le 1961;  ní go dtí 1968 a tosaíodh ar an tógáil.  San idirlinn d’imigh teaghlaigh agus tháinig teaghlaigh eile.  Ni raibh aon taithí againn ar a leithéid mar talamh a cheannacht nó tithe a thógáil.  Ní ba mheasa, ní raibh aon airgead againnn.  Ar an taobh ‘móide‘ den sceal, áfach, fuair muid cuidíu ó dhaoine  a raibh taithí acu ar a leithéid, go háirithe, Gaeilgeoir amháin a bhí ina ailtire agus Gaeilgeoir eile gur dlíodóir é.  Rinne an bheirt acusan cuid mhór ar ár son nó chreid siad sa chuspóir a bhí muid ag iarraidh a bhaint amach.  Thar gach rud eile thug siad uchtach dúinn

 

Bunaíodh Comharchumann.  Socraíodh ar fiche theach a thógáil maraon le halla  -  bhí an halla don scoil, nó bhí scoil ariamh mar chuid den phlean.   Mhol an t-ailtire dúinn go mbeadh dhá acra nó mar sin ‘e dhith orainn agus thosaigh an cuartú don mhéid sin talaimh.  Ba é sin an chúis a ba mhó leis an mhoill ar an scéim -  an talamh a aimsiú.  Cé go raibh an t-ádh linn ar dhóigh nó tharla go raibh Cumann Luthchleas Gael ag díol dhá acra déag de thalamh ar Bhóthar Shaw, suíomh a bheadh oiriúnach dúinn-ne.  Arís le cuidiú ó bheirt Gael a raibh baint acu leis an CLG fuair muid cúpla acra. Bhí deich míle punt ar an talamh sin agus gan pingin de againn.  Tharraing muid ar lucht na Gaeilge arís agus d’iarr iasacht airgid ar Chomhaltas Uladh (sin an chuid Ultach de Chonradh na Gaeilge) leis an talamh a cheannacht. Thug siad dúinn é  -  agus  tá áthas orm a rá gur aisíocadh gach pingin den iasacht sin.  Ach d’fhoghluim muid as an ghnó uilig, chomh tábhachtach is a bhí an caidreamh Gaelach;  gach seans nach n’éireodh linn gan é, gan an cuidiú a thug eagraíochtaí agus an obair a rinne gaeilgeoirí aonair ar ár son, go háirithe an méid a rinne an t-ailtire agus an dlíodóir a luadh cheana.

 

Anois, bhí an talamh againn agus cead pleanála ach bhí muid i ndiaidh blianta a chaitheamh ina bhun agus faoin am sin ní raibh fágtha de na teaghlaigh a chuir suim sa scéim i dtús ama ach cúigear.  Dhíol an cúigear againn na tithe ina raibh muid agus fuair morgáiste úr;  i samhradh 1968 tosaíodh faoi dheireadh ar an dúshraith de na tithe ar Bhóthar Shaw.

 

Ach  -  bíonn ‘ach’  ann i gcónaí  -  bhí seo go mall sna seascaidí; is cuma chomh beag le grúpa daoine nó chomh dírithe is atá siad ar a ngnóthaí féin ní féidir leo neamhiontas a dhéanamh den saol lasmuigh.  Agus ar ndóigh ba shaol é a bhí ag éirí corrach ag an am agus a d’éireodh ní ba corraí fós.

 

Ach sul a tharla sin bhí an gníomh déanta againn. I mí Eanáir 1969 chuaigh an chéad teaghlach ina chónaí i gceann de na tithe nó cé nach raibh sé réidh go híomlán bhí ‘fear faire’ de dhith.  Ag an phóinte sin, b’fhéidir go ndéarfadh duine gur fíoradh an aisling ach, creid mé, ba ghaire de thromluí é ná aisling – ag an tús ar aon nós.  Fuar, fliuch, salach, -   agus ní raibh ansin ach an taobh istigh den teach; taobh amuigh d’fhéadfá dul go glúin sa láib agus tú ag dreapú amach ar an doras cúl nach raibh aon chéim leis go fóill.

 

Ach taobh istigh de roinnt mí bhí cúig theach tógtha agus teaghlaigh istigh iontu. Bhí ar an teaghlach deireanach aistriú faoi dheifre nó faoin am sin -  Lúnasa 1969  -  bhí an bóthar lán de dhaoine a dódh amach as a gcuid tithe thíos Bóthar na bhFál nó daoine a d’imigh le sceon.  Ní thiocfadh teach a fhágáil folamh.  Bhí na céadta lonnaithe i hallaí paróiste agus in ionaid shóisialta ar fud an cheantair.  I Sráid Bombay amháin dódh dhá dtrian de na tithe go talamh agus tharla an rud céanna i gcuid eile de na sráideanna idir Bóthar na bhFál agus Bóthar na Seanchille.

 

Ag an am a tharla an léirscrios ar Bhóthar na bhFál ní raibh ann ach go raibh an cúig theach tógtha againn ar Bhóthar Shaw.  Chothaigh sé muinín ionainn agus, ceapaim, i lucht na Gaeilge go ginearálta; d’éirigh linn an tionsnamh a thabhairt i gcrích gan tacaíocht na n-údarás, rud a bhí iontach go leor ag an am, agus go háirithe ag mionchuid de mhionchuid, mar a bhí ionainn-ne.

 

Mar sin nuair a tuigeadh go raibh Comhairle na Cathrach drogallach faoin átógáil de Shráid Bombay ba Ghaeilgeoirí a chuaigh i mbun scéim leis an ghnó a dhéanamh agus dúshlán na n-údarás a thabhairt, cuid acu, tá áthas orm a rá, ó Bhóthar Shaw.

 

Bhí an Gaelphobal s’againn-ne ag fás.  Taobh istigh de bhliain – 1970 – tógadh trí theach eile; bhí ocht dteaghlach ann anois agus breis is fiche páiste.

 

Oideachas

Faoin am sin d’éirigh ceist an oideachas.  Bhí aird ariamh ag na hÉireannaigh ar an oideachas agus ar an léann.  Sa 17ú haois déag dúirt an tArd Aighne – agus níorbh aon chara do na hÉireannaigh é an fear céanna -   gur “lovers of music, poetry and all kinds of learning” a bhí sna hÉireannaigh.  Moladh ó namhaid é sin.

 

Bhí an t-oideachas san áireamh againn ón tús, sé sin chomh luath is a bhí an scéim faoi chaibidil againn go luath sna seascaidí.  Bhunaigh muid naíscoil bheag i Meán Fómhair 1964 leis na páistí a thabhairt le chéile agus dhírigh sin ár n-aird ar cheist an oideachas Ghaeilge.  Thuig muid gur ceist i bhfad ní ba dheacra a bheadh ann ná ‘Gaeltacht’ bheag a thógáil.  I nDeireadh Fómhair 1964 chuaigh toscaireacht de thriúr chuig Roinn an Oideachais leis an bheart a chur ina láthair.  Bhí a fhios againn, ar ndóigh,  nach mbeadh fáilte roimhe nó cuidiú ar bith ar fáil ach cheap muid gurbh fhiú an cheist a thógáil leis na húdarais.  Sé seachtain nó mar sin ina dhiaidh fuarthas freagra ó Roinn an Oideachais, freagra  a dúirt nach mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ‘éifeachtach nó oiriúnach,‘ (efficient or suitable), nárbh fhéidir aitheantas a thabhairt do scoil le ‘easpa‘ mar sin (sé sin, an Ghaeilge)  agus gur coir a bheadh ann bheith i mbun scoil gan chlarú.  Ní raibh muid buartha faoin fhreagra seo: ní raibh na tithe féin tógtha ag an am gan bheith ag trácht ar scoil. Triall a bhí ann le fáil amach cé chomh náimhdeach is a bhí na húdaráis le coincheap de scoil Ghaeilge.

 

Ar aon nós, faoin am a bhí an scoil le bunú againn i 1971  bhí fadbhanna i bhfad ní ba mhó ag na húdaráis anseo ná scoil bheag bhídeach s’againne, scoil go háirithe a bhí i gceantar ina raibh baracáidí agus piléir ní ba suntasaí ná páistí beaga ag foghluim ABC. Mar sin, dhá bhliain i ndiaidh na céad tithe a thógáil bunaíodh an chéad scoil Ghaeilge i mBéal Feirste,  i Meán Fómhair 1971.

 

I mo bharúil féin ba é sin an rud ba thábhachtaí a tharla i ngluaiseacht na Gaeilge anseo ó bunaíodh an stát.  Is féidir lochtanna a fháil air – agus faightear lochtanna air  -  ach d’athraigh sé cúrsaí Gaeilge anseo ar dhóigh nár shamhail éinne daichead bliain ó shin.  Chomh maith, d’athraigh sé saol s’againne cuid mhór: chuir sé tús le blianta de bheith ag sracadh, ag iarraidh an scoil a choinneáil ag dul agus ag síorbhailiú airgid chuige sin.

 

An scoil féin

Ar dtús bhí muid leagtha ar mhuinteoir a bheith ann a raibh an Ghaeilge ó dhúchas aici.  Iontach go leor d’éirigh linn sin a dhéanamh, bean a raibh cónaí uirthi i mBaile ‘Cliath ach gur ó Dhún na nGall ó dhúchas di agus a bhí i ndiaidh éirí as an teagasc; bhí taithí na mblianta aici ar pháistí óga a theagasc agus bhí sí féin lán de bhrí.

 

Ní raibh aon fhoirgneamh scoile againn -  ní raibh sa ‘halla’ a bhí beartaithe againn mar scoil ach mar léaráid ar an phlean go fóill.  D’éirigh linn ceann de na botháin a bhí in úsáid in 1969 do na teaghlaigh a dódh amach as a gcuid tithe, d’éirigh linn ceann acu sin a cheannacht. Cuireadh le chéile é ar an talamh bán ag cúl na dtithe.  Mar scoil ní raibh sé róghalánta agus is dócha gur bhris sé gach riail sábhála sa leabhar ach bhí scoil againn.

 

Ach mar a tharla, rug imeachtaí na linne orainn.  Níorbh fhéidir scoil a bhunú ag am ní ba mheasa.  Roinnt bheag seachtain roimh thús na scoile, ar an 9ú lá Lúnasa, chuir Rialtas na Breataine imtheorannú i bhfeidhm.  Go luath ar mhaidin an lae sin rinneadh ruathar ar na céadta teach i gceantair náisiúnaithe agus tógadh tuairim is 350 duine.  Méadaíodh ar an fhóréigean láithreach: taobh istigh de cheithre lá de chiréibeacha maraíodh fiche duine, seisear déag acu sin gur den ghnáthphobal iad.   Cuireadh baracáidí suas – bhí ceann ag bun Bóthar Shaw – agus dódh busanna.   Sa ceithre mhí i ndiaidh imtheorannú maraíodh 140; faoin am sin bhí cogadh ann; bhí Arm na bPoblachtach ag déanamh ionsaithe ar Arm na Breataine go hoscailte ar shráideanna an cheantair s’againne

 

Ansin féin, bhí an droch-ádh orainn nó tharla bruíon gunnaí ar chéad lá na scoile i Meán Fómhair.  Bhí na piléir ag eitilt thart ar an bhóthar amuigh;  fágadh an muinteoir bocht -  cuimhnigh go raibh sí as Baile ‘Cliath  -  agus seachtar páiste ina luí ar an urlár.  Bhí sé tamall sul ar éirigh le duine ar bith againn dul amach chuige.

 

D’ainneoin sin, lean an scoil ar aghaidh; ba mhúinteoir an-mhaith a bhí inti, cuid mhór ceoil aici: thug sí amhráin agus rannta do na páisti, rud a bhí in easnamh orainnn féin  agus ba léir go raibh dúil mhór ag na páistí sa scoil.  Ach sílim gur thuig muid nach mairfeadh an múinteoir i bhfad agus ba shin mar a bhí:  i ndiaidh cúpla babhta tinnis d’éirigh sí as i mí Eanáir 1972 agus fágadh an scoil gan mhuinteoir ar feadh tamaill.  Dar le cuid againn nach raibh gar le bheith ag iarraidh duine ó bhaile isteach a fhostú agus an áit chomh corraithe is a bhí.  D’éirigh linn, áfach, bean a aimsiú a tógadh le Gaeilge i mBéal Feirste agus a raibh cónaí uirthi sa cheantar; agus rinne sise an mhúinteoireacht an chuid eile den scoilbhliain sin – 1972. Ansin d’impigh muid uirthi bliain eile a dhéanamh, rud a rinne sí, sé sin an scoilbhliain 1972 go dtí 1973.

 

Sna blianta luatha sin ní bhíodh an cogadh i bhfad uainn in am ar bith.  In 1972 chuaigh sé chun donais.  In Eanáir na bliana sin mharaigh Arm na Breataine triúir déag i nDoire; ba é sin ‘Domhnach na Fola.‘ I Márta chuir Rialtas na Breataine Stormont ar ceal, ag cur deireadh le seachtó bliain den stát agus thug rialú na Sé Chontae air féin.   D’éirigh an marú ní ba mheasa.  I mí Iúil thosaigh Arm na Breataine ‘Operation Motorman‘ le greim an IRA ar cheantair na náisiúnaithe a bhriseadh. Ar an oíche sin bhris saighdiúirí isteach i dtithe s’againne agus ghlac seilbh orthu; d’ordaigh siad dúinn imeacht ach dhiúltaigh muid agus chaith an oíche ar an urlár.  Thosaigh an cath le breacadh leis na piléir ag eitilt ó dhá thaobh an bhóthair.  Fuair muid amach ina dhiaidh go raibh buíon eile de na saighdiúirí istigh  sna tithe ar an taobh eile den bhóthar agus gur lena chéile a bhí siad uilig ag scaoileadh; is dócha go ndeachaigh siad amú, a bhuíochas sin do sheanléarscáileanna  -  is cinnte nach raibh tithe s’againne ar aon léarscáil ag an am!

 

Lean an scoil ar aghaidh ach i samhradh 1973 d’imigh an múinteoir le cónaí sna Glinnte.  Mar sin, bhí cinneadh le déanamh againn.  Bhí na páistí ní ba sine agus bhí ní ba mhó acu in aois scoile anois. Níorbh fhéidir duine a thabhairt isteach agus chomh corraithe agus chomh contúirteach is a bhí an saol ann sna blianta sin.  Mar a rinne muid roimhe agus ó shin chinn muid ar an ghnó a dhéanamh muid féin.  Bhí beirt mhúinteoir inár measc ach ba mhúinteoirí meánscoile iad. Ar aon nós, bheadh sé doiligh ag duine amháin an oiread sin páistí ar aoiseanna éagsúla a theagasc.  Socraíodh go rachadh duine amháin i mbun na bpáistí a ba shine agus go roinnfear rang na bpáistí óga idir beirt eile, duine amháin ag déanamh dhá lá agus duine eile trí lá.  Cluinim gur tháinig an córas sin isteach ó shin – bíodh fhios agaibh gur cheap muidne ar dtús é!  Ní raibh duine ar bith againn a bhí i dtaithí léamh, scríobh, máta, etc. a theagasc trí Ghaeilge ach ansin ní raibh éinne sna scoileanna abhus ach oiread.

 

Bhíodh géarchéim airgid go síoraí ann. Bunaíodh Linn Taca go gearr i ndiaidh tús na scoile agus ba uaidh sin a tháinig an méid a ba mhó.  Chomh maith fuarthas deontaisí ó eagraíochtaí eagsúla, eagraíochtaí ar nós Comhaltas Uladh agus ó chumainn mar Chumann Chluain Ard; agus ar ndóigh bronntanais ó dhaoine aonaracha.  Agus chuir muid féin imeachtaí ar siúl le airgead a thabhairt isteach, ceilithe, ceolchoirmeacha, earraí beaga a rinne muid féin – agus a cheannaigh daoine le trua dúinn.  D’fhoghluim tuismitheoir amháin ceard na clódóireachta agus rinne cártaí Nollag agus féilirí.  Bhíodh a lán mionscéimeanna mar sin ar siúl.  An chuimhne is mó atá agam anois ar an am sin ná chomh fial agus chomh báúil is a bhí daoine ar dhóigheanna éagsúla: bhailigh daoine airgead nó chuaigh siad i mbun imeacht éigin; bhronn siad rudaí orainn -  is cuimhin liom i gcónaí duine áirithe a thugadh beart mór páipéir chugainn ó am go céile; duine eile a cheartaíodh greannáin Ghaeilge agus a bhronnadh na cóipeanna orainn.  Bhí grúpa beag a d’aistrigh leabhair bheaga Gaeilge dúinn – ba dheacair leabhair oiriúnacha a fháil, go háirithe leabhair eolais.  Agus ó tharla go raibh cúpla siúinéir inár measc rinneadh aon obair nó cóiriú a bhí de dhith.  Ach caithfear a admháil gur choimhlint a bhí ann go minic.

 

Ní dóigh liom gur chaill na páistí a dhath ar an scolaíocht.  Bhí buntaistí leis: ranganna beaga, aithne mhaith acu ar a chéile, -  ar dhóigh, ní raibh sa scoil ach saol leanúna ar an chaidreamh baile;  bhíodh cleachtadh acu ar bheith istigh i dtithe a chéile,  -  mar shampla, thosaigh tuismitheoir amháin cinéal de phictiúrlann ina lafta féin agus théadh na páistí ann maidin Shathairn.  Bhí tuismitheoir gur múinteoir damhsa í agus thosaigh sise rang damhsa.  Ni raibh siad scoite ón saol ar dhóigh ar bith; ar aon nós bhí gaolta ag gach duine againn a thagadh isteach is amach.  Chláraigh muid leis na Teaghlaigh Ghaelacha, eagraíocht i mBaile ‘Cliath do theaghlaigh a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge agus chuaigh muid ar chuid de na turais s’acusan.  Chomh luath is a bhí siad aosta go leor cuireadh na páistí ar fheiseanna, comórtais ceoil agus drámaíochta agus thaistil siad siar agus ó dheas ar fud na tíre; d’éirigh siad muiníneach astu féin agus ba bheag cotadh a bhíodh orthu. Ní ba mhoille bhí siad uilig i gcór don Aifreann Gaeilge.

 

Idir 1974 agus 1976 tógadh trí theach eile ar an láthair agus bhí teach déag ann anois. Bhí na daoine úra ní b’óige agus ar an ábhar sin b’fhéidir go raibh ní ba mhó fuinnimh acu; ba mhúinteoirí scoile iad ceathrar acu agus beirt acu sin ba mhúinteoirí bunscoile iad; bhí sin le bheith an-úsáideach ní ba mhoille!  Chomh maith, chuaigh beirt de na daoine úra i mbun aitheantais stáit a bhaint amach don scoil.  Bhainfeadh maoiniú stáit cuid mhaith den ualach airgid dínn. Tosaíodh comhfhreagras le státseirbhísigh Roinn an Oideachais.  Ní hé go ndearnadh neamhiontas den cheist aitheantais go dtí seo ach leis na huimhreacha sa scoil chomh beag sin ba chur amú ama a bheadh ann. Fosta, bhí ár sáith idir lámha againn mar a bhí, gan an maorlathas leadránach a bheadh le fulaingt le dul ina cheann dáiríre.   Ach bhí nasc anois idir an cheist aitheantais agus cinneadh eile a rinneadh faoin am seo: ba é sin gur cheart an naíscoil a oscailt do pháistí nach raibh á dtógáil le Gaeilge; d’fhoghluimeodh na páistí an Ghaeilge ar an naíscoil agus rachadh ar a laghad cuid acu ar aghaidh go dtí an bhunscoil.  Go dtí sin ní raibh ar an naíscoil ach ár gcuid páistí féin agus roinnt bheag ó áiteanna eile i mBéal Feirste agus ní bhíodh sé ann ach lá nó dhó sa seachtain.  Bhain an cheist go príomha leis an bhunscoil ar a raibh breis is tríocha dalta anois agus cuid acu sin ag tarraingt ar aois imeachta. Mar sin is beag de mhéadú a thiocfadh bheith ag súil leis ó shin amach agus bhí sé le ciall iarracht a dhéanamh lena leathnú amach, agus é cruthaithe againn go raibh sí inmharthana.  Ba cheist phráinneach a bheadh ann ansin, maoiniú a fháil dá mb’fhéidir.  Agus go háirithe anois nuair a bhí an naíscoil den chéad uair ar siúl go lánaimseartha faoi stiúir mhúinteoir naíonán.

 

Le fás na bunscoile ghéaraigh ar an iarracht sin chun aitheantas agus maoiniú stáit a bhaint amach; le méadú ar líon na ndaltaí méadaíodh ar an ualach sholáthar airgid a bhí de dhith leis an scoil a choinneáil ag dul. I rith an ama bhí an t-ualach sin sa mhullach orainn.

 

I 1981 bhí na stailceanna ocrais ann agus chuir sin cor sa saol.  Tharla athraithe sa pholaitíocht dá bharr.  Bhí brú ar Rialtas na Breataine theacht ar shocrú.  Chuir básanna na stailceoirí go mór le tacaíocht Shinn Féin agus d’fhreastail siad ar an aiméar agus chuaigh leis an pholaitíocht; mar pháirtí polaitíochta chuaigh siad chun cinn go gasta:  i 1983 bhain siad Iarthar Bhéal Feirste i dtoghchán Westminster.  Ba Ghaeilgeoirí ar ndóigh cuid den tacaíocht sin.  Is fíor go raibh seasamh ariamh ag na Poblachtaigh leis an teanga a chonaic siad mar chomhartha náisiúnachais, – go díreach mar a chonaic na hÉireannaigh Aontaithe dhá chéad bliain roimhe.  Ach anois bhí Gaeilgeoirí, cuid acu cumasach go maith, ag dul isteach sa pháirtí ‘nua.’  Ní fios arbh fhéidir gur ardaigh sin ‘profile’ na Gaeilge, ní amháin sa pháirtí ach i súile rialtas na Breataine.

 

Mar sin, is féidir go raibh cúrsaí polaitíochta rud beag níos fabhraí don Ghaeilge anois: bhí iomaíocht ar siúl idir Rialtas na Breataine agus Sinn Féin i gcineál de ‘chogadh na gcroíthe;’  bhí na Briotanaigh ar a seandíchill an cogadh sin a bhaint -  nó ar a laghad gan ligint do na Poblachtaigh é a bhaint.  Faoin bhliain 1984 bhí saighdiúirí na Breataine ar shráideanna Bhéal Feirste le cúig bliana déag – is cinnte go raibh siad de dhíth in áit éigin eile.   Dá bhféadfadh na Briotanaigh theacht ar shocrú thiocfadh leo dul abhaile agus dearmad a dhéanamh ar an áit seo go ceann caoga bliain eile.  Níor mhiste leo, mar sin, cnámh a chaitheamh chun an mhadaidh.  Mar a ba dhual dóibh thosaigh siad ag caitheamh airgid leis an fhadhb, ag maoiniú dreamanna éagsúla pobail, dreamanna a mheas siad bheith neadaithe in áiteanna straitéiseacha sa phobal.  Is féidir gurbh é sin an cúlra in Aibreán 1984 nuair a fuair an bhunscoil aitheantas agus maoiniú.  Ba thrí bliana déag é ó osclaíodh an chéad scoil Ghaeilge i 1971  – feitheamh fada.

Ní gá a rá go ndearna sé difear: d’aon ráib amháin osclaíodh na geataí don ghaeloideachas.

 

Don chéad uair chonacthas dul chun cinn i ngaeloideachas taobh amuigh de Bhéal Feirste; go dtí sin ní raibh ach dhá ghaelscoil eile ann agus gan ceachtar acu i mBéal Feirste:  bhí ceann i nDoire a bunaíodh i 1983 agus ceann san Iúir a bunaíodh an bhliain chéanna.  Anois i 1986 bunaíodh an dara bunscoil i mBéal Feirste agus le sin is féidir a rá go raibh an gaeloideachas faoi lánseol.  Ní hionann sin is a rá gur tosaíodh ar scoileanna Gaeilge a bhunú thall is abhus.  Caithfear cuimhniú nárbh é rud a dtiocfadh a dhéanamh thar oíche, sé sin, scoil Ghaeilge a thosú.  Bhíodh naíscoil le bunú ar dtús, naíscoil ar a chaitheadh bunus na leanaí dhá bhliain inti sul a dtéadh siad isteach sa bhunscoil.  Ansin féin níorbh fhéidir bheith cinnte go leanfadh siad uilig le oideachas trí Ghaeilge.   Mar shampla, bhí naíscoileanna á mbunú in áiteanna éagsúla faoin am seo ach i ndiaidh 1986 nuair a bunaíodh Gaelscoil na bhFál, níor tosaíodh ceann eile go dtí 1992.  Sna nochaidí Ach ó shin ar aghaidh feictear an toradh ar na naíscoileanna a bunaíodh: idir 1992 agus 2000 bunaíodh ar a laghad scoil amháin gach bliain.  I gcuid de na blianta sin bunaíodh dhá nó trí scoil.  Faoin bhliain 2000 bhí scoil Ghaeilge is fiche ar siúl – (sin 21 san airgead úr); bhí naonúr acu sin i mBéal Feirste,  triúr i gCo. Dhoire agus i gCo. an Dúin agus i gCo. Ard Mhacha, beirt i gCo. Thír Eoghain agus ceann amháin i gCo. Aontrama. An lá inniu tá 36 ann, ó Chrois Mhic Lionnáin go Baile an Chaistil agus ó Bhéal Feirste go dtí an Srath Bán.

 

An eagraíocht Gaeloiliúint ba mhó ba chúis leis an fhás iontach seo ar an ghaeloideachas sna blianta sin agus fiú ina dhiaidh; bunaíodh í ag deireadh 1991 sna sála ar an mheánscoil a bunaíodh i Meán Fómhair na bliana sin. Ba é a chuspóir ná an gaeloideachas uilig a fhorbairt mar aonad. Chomh maith leis an obair iontach le bunú gaelscoileanna ba ar iarratas ó Ghaeloiliúint gur thosaigh Coláiste Mhuire cúrsa oiliúna Gaeilge do mhúinteoirí i 1996, céim riachtanach le go mbeadh múinteoirí abhus oilte ar oideachas Gaeilge a thabhairt

 

Meánoideachas

B’as an bhunoideachas Gaeilge a d’eascair an meánoideachas.  Cuireadh meánscoil Ghaeilge ar siúl don chéad uair i 1978 agus mhair sé dhá bhliain.  Tosaíodh í mar leanúnachas ar oideachas na céad bunscoile ar Bhóthar Shaw.  Bhí triúr ó Bhóthar Shaw  -  beirt acu gur mhúinteoirí meánscoile iad  -  agus duine amháin eile, ag teagasc dhá ábhar an duine; tháinig triúr múinteoir eile ó scoileanna maguaird le trí ábhar eile a theagasc ag amanna éagsúla; naoi n-ábhar a bhí á dteagasc mar sin.  Thug cúpla de na tuismitheoirí cuidiú le téarmaíocht, asitriúcháin, agus eile.  Tá buíochas mór tuillte ag na daoine uilig a chuidigh léis an chéad mheánscoil sin, go háirithe na múinteoirí sin a tháinig ann ina chuid am saor agus nach bhfuair a dhath ar a shon.

 

Ach ní dhearnadh dearmad uirthi mar mheánscoil Ghaeilge agus bunaíodh an dara ceann i Meán Fómhair 1991 agus daoine ó Bhóthar Shaw páirteach san iarracht.  Thosaigh sí le naonúr dalta agus beirt mhúinteoir -  sin dul chun cinn, ní raibh ach seacht ndalta ann i 1971!  Taobh istigh de cheithre bhliain bhí 150 dalta ann. Tugadh Meánscoil Feirste uirthi  -  Coláiste Feirste anois.  Is scéal fada é scéal na meánscoile.  Cé go raibh na deacrachtaí céanna ann ó thaobh airgid de níor mhair an phianpháis chomh fada céanna; i 1995 thug an Rúnaí Stáit, Patrick Mayhew, céad míle punt don mheánscoil.  An bhliain ina dhiaidh, 1996, tugadh aitheantas agus maoiniú iomlán don mheánscoil.

 

Tá an scoil ag forbairt i rith an ama: tá breis is 600 dalta ann agus foireann teagasc de thuairim is 70.  Tá foirgnimh breise ar tí á dtógáil, seomraí eolaíochta is teicneolaíochta agus áiseanna spóirt.  Anuraidh, chuaigh 40% de na daltaí is sine chun na hollscoile agus 36% go dtí breisoideachas. Is é an meánoideachas Gaeilge ceann de na comharthaí dóchais is mó atá againn; tá daoine óga ag teacht uaidh atá níos dúshlánaí ná mar a bhí le fada; ag nascadh an sóisialachais agus an Ghaeilge le chéile mar nach ndearnadh le fada;  is féidir gur snaidhm chumhachtach a bheas ansin.

 

Le deireadh a chur leis an chaint seo rachaidh muid ar ais go dtí an tús, sé sin an scéim tithíochta lenar tosaíodh an eachtra i 1969.   D’fhás sin thar na mblianta:  an lá inniu tá dhá theach is fiche ar an láthair (22); an dá acra talaimh a fuarthas i 1968  tá siad lán; ní thógfar a thuilleadh tithe.  An seisear deireannach de na tithe tógadh iad suas le deich mbliana ó shin. Gach teaghlach den seisear sin tá siad den dara glúin ag muintir na scéime agus páistí óga acu uilig atá á dtógáil le Gaeilge. Is mór an tuar dóchais é sin.

Nuair a bhí mé féin óg bhí sean Ghaeilgeoir ann a raibh Tom Ó hEanáin air, bhain sé leis an tréimhse romhamsa, na tríochaidí agus na daichidí; tá sé marbh le blianta.   Dúirt sé uair amháin agus é ag trácht ar ghluaiseacht na Gaeilge, gurbh é bunú phobal Bhóthar Shaw an rud is mó a tharla riamh.   Ag an am sin b’fhéidir go raibh sin fíor ach ba mhaith liom a shílstin go mbeidh rud éigin níos mó ná é ann amach anseo.

“Is í an teanga Ghaeilge an oidhreacht a dhéanann Éireannaigh dínn uilig ….  ó aois go haois  dearbhaíodh nach raibh an ceart ag aon ghlúin an oidhreacht sin a dhíol.”

 

 

 

 

 

 

 

 

 

                      

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive