Gael-Taca – moltaí do Lá Mór na Gaeilge agus forbairt na Gaeilge i gCorcaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí cruinniú ag Gael-Taca i gCorcaigh aréir mar chuid den ullmhúchán do Lá Mór na Gaeilge

 

Seo na moltaí ón chruinniú aréir :

- Nach nglacfaidh le pobal na gaeilge leis an droch-mheas seo, gur cheart éileamh a dhéanamh ar na seirbhísí ghaeilge sa stát
- Gur cheart úsáid a dhéanamh as na bunscoileanna agus na páistí scoile chun feachtas a dhéanamh
- Postaeir a chur timpeall na cathrach i rith Mí na Gaeilge/ Seachtain na Gaeilge
- Dul chuig na Teachtaí Dála chun tacaíocht a fháil, cuairt a thabhairt ar na clinicí
- An phobal i gcoitinne a thabhairt linn in aon agóid, ní amháin gaeilgeoirí ach daoine gan ghaeilge ata báúil
- Brú a chur pholaiteoirí ag na dóirse ag am an toghcháin
- Easpa chomhordú idir ghrúpaí ghaeilge sa chathair, níos mó comhoibriú ag teastáil
- Leathanach Facebook a chruthú don phobal ghaeilge i gCorcaigh, neamhspleách ó aon eagraíocht
- Tacaíocht a thabhairt do chláracha raidió ghaeilge atá i mbun sa chathair
- Glaoch a chur ar iriseoirí timpeall na tíre ina bhfuil gaeilge acu ach a scríobhann sna meáin bhéarla
- Gaeilge a úsáid leis na Gardaí agus os comhair na cúirteannaTacaíocht a thabhairt do imeachtaí agus ócaidí shóisialta do ghaeilgeoirí
- Iarracht gaeilge a úsáid, fiú cúpla focail, gach lá le pé duine a bhuaileann tú leis/léi
- Cruinniú eile a eagrú do ghaeilgeoirí i gceann míosa chun rudaí praiticiúla a dhéanamh go háitiúil chun brú ar aghaidh leis an bhfeachtas
- Mórshiúil áitiúil chuig oifig Teachta Dála ón Rialtas
-Local March to office of TD in government

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:40:55

Admin/login Comments RSS

ILBF