An Ghaeilge lárnach sa Lá Oscailte in Ambasáid na hÉireann i mBéising na Síne

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Léiriú speisialta ar ghnéithe éagsúla de chultúr na hÉireann dírithe ar mhic léinn ollscoile sa tSín a bhí sa Lá Oscailte do Dhaoine Óga in Ambasáid na hÉireann i mBéising ar an 12ú de mhí an Mheithimh. Tá an ócáid á reáchtáil ag foireann na hambasáide go bliantúil ar mhaithe le heolas a chur ar fáil do mhic léin mar gheall ar deiseanna oideachais in Éirinn agus iad a mhealladh chun cuairt a thabhairt ar an tír. Cuireann foireann na hambasáide béim faoi leith ar an gcultúr gaelach agus iad ag déanamh a ndícheall an tír a chur chun cinn sa tSín. an tsinan tsin 2

Bhí an Ghaeilge mar ghné lárnach in imeachtaí an lae idir léachtaí agus amhránaíocht ar an tsean-nós ach ba é ‘Bronnadh na bhFáinne’ buaicphointe an lae. Bhronn ambasadóir na hÉireann chun na Síne, an tUasal Paul Kavanagh, fáinní ar mhic léinn ó Beijing Foreign Studies University a ghnothaigh caighdeán ard i labhairt na Gaeilge tar éis dóibh modúl sa Ghaeilge a dhéanamh in Ionad an Léinn Éireannaigh i gcomhphairtíocht le hIonad na dTeangacha OÉ Má Nuad.

Dúirt Gao Ni 郜妮 ó Dàtóng na Síne, iníon léinn atá ag tabhairt faoin MA sa Léann Éireannach, “Tá suim mhór agam i gcultúr na hÉireann agus measaim go bhfuil teanga na tíre lárnach sa chultúr sin” Agus arsa an Ambasadóir, an tUas Paul Kavanagh, ““Presenting the Irish language students of Beijing Foreign Studies University with their fáinní in the Embassy of Ireland was a very special moment – and a reminder of the power of language and culture in bridging geographical divides and bringing people closer together. Huge credit is due to the students themselves, to their lecturer John Ó Liodáin and to the University for its continued commitment to Irish Studies and the Irish language.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-21 18:44:14

Admin/login Comments RSS

ILBF