Gabhann an Taoiseach leithscéal ar son an Stáit as gabháil pháistí Romacha

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus é ag plé le moladh ón Teachta Dála Gearóid Mc Adam sa Dáil inniu dúirt an Taoiseach nach fadhb ar bith aige é leithscéal a ghabháil le muintir na bpáistí Romacha sin a ghabh an Garda anuraidh. Bhí sé ag caint díreach roimh fhoilsiú tuarascáil ó Ombudsman na bPáistí, Emily Logan. Ina tuarascáil chuir an Ombudsman in iúl go raibh an dóigh ar caitheadh leis na páistí ar aon dul leis an sainmhíniú ar ‘próifiliú ar bhonn eitneach.’ Bhuail an tAire Dli is Cirt, Frances Fitzgerald le tuismitheoirí na bpáistí ar feadh tamaill ghearr agus ghabh leithscéal leo as ar tharla.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 07:49:42

Admin/login Comments RSS

ILBF