Frank Flannery i ndiaidh éirí as Fine Gael, Rehab

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair Frank Flannery tráthnóna go bhfuil sé I ndiaidh éirí as Fine Gael agus as a bhallraíocht ar Bhord an chumainn carthanachta Rehab. Táthar ag dréim leis go mbeidh sé ag tabhairt fianaise ag éisteachtaí de chuid Comhchoiste an Oireachtais ar Chuntais Poiblí sna seachtainí  amach romhainn agus dar leis go raibh a ról I Rehab ag tarraingt conspóid pholaitiúil chuig an eagras Dar leis nach raibh de ról aige I bhFine Gael ach dá phost deonach, iontaobhaí an pháirtí agus stiúrthóir toghcháin. Bhí a inchur maidir le heagaran pháirtí  agus toghcháin deir sé agus dar leis nach raibh tionchar aige I gcomhairliú an rialtais. Tá aird air le roinnt laethanta anuas I ndiaidh don Irish Times cur in iúl gur íoc Rehab na mílte euro leis chun stocaireacht a dhéanamh le ranna rialtais in 2011/2012.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 18:15:19

Admin/login Comments RSS

ILBF