Fórsa síochána ó na Náisiúin Aontaithe do Phoblacht na hAfraice Láir

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’aontaigh Comhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe inniu ar fhórsa a chur le chéile féacháil le baint den fhorneart i bPoblacht na hAfraice Láir.  Beidh 10,000 saighdiúir, 2,000 péas agus 200 pearsanra eile páirteach san fhórsa. Ní léir cén tionchar a bheidh acu ar imeachtaí sa tír mar a bhfuil na céadta, murab é na mílte duine marbh i bhforneart idir Moslamaigh is Críostaithe. Thug Ban Khi Moon le fios roinnt uaireanta gur baol go mbeadh cinedhíothú ar ollscála mura gcuirfi stop leis.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 11:07:34

Admin/login Comments RSS

ILBF