FÓRÓGRA NA SCRÍBHNEOIRÍ CURTHA FAOI BHRáID FHORAS NA GAEILGE

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

A scríbhneoirí agus a chairde na scríbnhneoireachta Gaeilge,

Mar eolas daoibh, tá an forógra sínithe thíos seolta go dtí Foras na Gaeilge ag scata scríbhneoirí. (Féach liosta ag an mbun). Más fonn libh, d’fhéadfadh tuilleadh agaibh bhur n-ainmneacha a sheoladh go dtí Foras na Gaeilge ag tacú leis:- R: eolas@forasnagaeilge.ie

Beirigí bua,

Pádraig Mac Fhearghusa

++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++

Anseo:

http://roghaghabriel.blogspot.ie/
G.

2014-08-29

FÓRÓGRA NA SCRÍBHNEOIRÍ

Tá na scríbhneoirí a bhfuil a n-ainm leis an bhForógra seo ag tathant ar Fhoras na Gaeilge gníomhú láithreach agus suí síos leo chun todhchaí leochaileach an fhocail scríofa a phlé.

  • Is beag teacht isteach atá ag scríbhneoirí na Gaeilge agus an méid sin féin gearradh arís le déanaí é nuair a fógraíodh deireadh le deontais do roinnt irisí clóite agus ar líne. Beidh Beo marbh tar éis eagrán Mheán Fómhair! Conas is féidir leis an scríbhneoir óg a chuid scileanna a fhorbairt mar iriseoir nó mar ealaíontóir cruthaitheach, abair, gan réimse leathan ardán a bheith ar fáil dó, nuachtán tathagach tuairimíochta san áireamh? Dá fheabhas iad na meáin nua leictreonacha, beidh gá i gcónaí leis na meáin chlóite:

‘Is sa leabhar fós a dhéantar an ráiteas buan. Is san iris chlóite, nó sa nuachtán seachtainiúil a mhúsclaítear díospóireacht. Imíonn tuairimí an mhogallra shealadaigh mar cháithníní le gaoith. Is iad béaloideas na 19ú haoise iad, agus cé aige a raibh cuimhne orthu siúd go dtí gur scríobhadh síos iad?’ (Alan Titley)

  • Tá titim an-mhór ar an leabhardhíolaíocht. Níl scaipeadh na leabhar sásúil le tamall fada. Is gá an mhórfhadhb seo a iniúchadh. Tuilleadh clubanna leabhar agus ciorcal léitheoireachta a bhunú, mar shampla. Grá don léitheoireacht a chothú san aos óg, naíonáin agus déagóirí san áireamh.
  • Is gá súil a choimeád ar ábhar a théann as cló. Mar shampla, ba cheart an chuid is fearr de na haistriúcháin a d’fhoilsigh An Gúm a chur ar fáil ar líne, sa nualitriú.
  • Níl léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge ar fáil ar bhonn forleathan. Is ar éigean a luaitear leabhair Ghaeilge ar mheáin Bhéarla na tíre, nuachtáin, stáisiúin raidió is theilifíse etc. Is gá leas samhlaíoch a bhaint as Vimeo, YouTube agus na meáin shóisialta go léir.
  •  Níl litríocht na Gaeilge á haistriú go teangacha eile ar bhonn córasach leanúnach, rud eile a ghoilleann ar cháil agus ar theacht isteach an scríbhneora.
  • Níl leabhair Ghaeilge á bhfógairt sna mórmheáin ar bhealaí nuálacha agus níl leabhair Ghaeilge á gcur chun cinn ag féilte litríochta na tíre, sna siopaí leabhar, sna leabharlanna gan trácht ar aontaí leabhar thar sáile.
  • Níl dóthain duaiseanna agus dreasachtaí ann do scríbhneoirí na Gaeilge. Caithfear scéimeanna ar nós Scéim na gCoimisiún agus Scéim na nOidí a neartú nó scéimeanna níos foirfe, níos oiriúnaí a chur ina n-áit. Caithfear glúin nua aistritheoirí a oiliúint agus obair a chur ina dtreo.
  • Is beag aird a thug TG4 riamh ar leabhair Ghaeilge.

Táimid ag éileamh gnímh mar sin ar an bhForas má tá glúin nua scríbhneoirí Gaeilge le bheith againn sa dara leath den chéad seo. Beatha teanga a labhairt, buanú teanga a scríobh, tar éis an tsaoil. Tá gá le straitéis éifeachtach chun próifíl na litríochta Gaeilge a ardú, ag baile agus i gcéin, chun cur go suntasach le teacht isteach scríbhneoirí na Gaeilge agus chun todhchaí litríocht na Gaeilge a chinntiú.
Maítear go bhfuil gá le nuachtán ar líne a dhíreoidh ar stíleanna maireachtála. Níl a leithéid sin ag teastáil ó scríbhneoirí cruthaitheacha na Gaeilge, ná ó iriseoirí a bhfuil rud éigin idir an dá chluas acu. Is cuma linne cad a chuireann daoine san fholcadán, salann pinc nó feamainn Chonamara, nó cén lóis a chuireann siad ar a gcraiceann ar léim amach as an bhfolcadán dóibh. Tá dánta, aistí, drámaí agus scéalta le scríobh faoi chúrsaí eile seachas stíleanna maireachtála agus tá ceisteanna sóisialta, cultúrtha agus polaitiúla le cíoradh agus le hiniúchadh: ní san fholús ná san fholcadán a scríobhfar iad sin.
Chun ár n-éileamh fíor-phráinneach a chur i gcomhthéacs níos leithne, is fiú do gach Éireannach machnamh a dhéanamh ar an méid seo leanas a scríobh duine de shínitheoirí an Fhorógra seo, Liam Ó Muirthile:

“Tá focal scríofa agus clóite na Gaeilge chomh mór i mbaol anois agus a bhí sna blianta roimh Athbheochan thús an 20ú Aois. Táimidne a bhfuil ár n-ainm leis seo, den tuairim mheáite, gur tráth na práinne é seo. Is léir dúinn é seo gach lá dár saol, agus sinn gafa le saothrú an fhocail scríofa. Creidimid go bhfuil an litríocht scríofa a bhláthaigh de thoradh an tsaothraithe sa 20ú hAois, ar an acmhainn chultúrtha is luachmhaire dá bhfuil againn agus is lú ar baineadh leas aisti ar ardán Eorpach agus domhanda, de réir a saincháilíochtaí féin. Creidimid sa litríocht mar eiseamláir chultúir a chuireann cos i bhfeac i dteanga bheag, in aghaidh thaoidí craosacha an impiriúlachais agus an choilínithe. Creidimid go soláthraíonn an litríocht sin múnlaí agus guthanna, peirspictíochtaí agus tuiscintí, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúnamh ag pobail eile ar fud an domhain atá ag comhrac ina dteangacha féin in aghaidh na dtaoidí ollchumhachtacha céanna. Níor mhór, dá réir sin, a bhfuil againn a chur á aistriú go Béarla i dtosach báire, agus go teangacha eile ina dhiaidh sin. Tionscadal mór, neascáfar, misniúil is gá chun freagairt do thráth seo na héigeandála. Ach tacaíocht i bprionsabal a bheith ag a leithéid seo, chuirfí plean le chéile le cur faoi bhráid an Stáit, chun maoiniú a lorg. Gheallfaimísne ár ndícheall agus ár ndúthracht, ár sainscileanna agus ár mbá. Ba ghá tacaíocht agus comhghuaillíocht an Fhorais chuige sin.”

Sínitheoirí an Fhorógra (Cohórt samplach)

Gabriel Rosenstock.

Tomás Mac Síomóin.

Doireann Ní Ghríofa.

Antain Mac Lochlainn.

Pádraig Ó Cíobháin.

Dairene Ní Chinnéide.

Ciarán Mac Aonghusa.

Pádraig Ó Fiannachta.

Liam Ó Muirthile.

Liam Prút.

Mícheál Ó hAodha.

Cathal Ó Searcaigh.

Ray Mac Mánais.

Pádraig Mac Fhearghusa.

Proinsias Mac a’ Bhaird.

Áine Ní Ghlinn.

Mícheál Ó Ruairc.

Brian Ó Broin.

Philip Cummings.

Pádraic Breathnach.

Pádraig B. Ó Laighin.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh.

Alan Titley.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 07:16:56

Admin/login Comments RSS

ILBF