Fóram Polaitíochta ag Coláiste an Eachréidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fóram Polaitíochta ag Coláiste an Eachréidh

D’eagraigh daltaí na hidirbhliana i gColáiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Fóram Polaitíochta trí mheán na Gaeilge Dé hAoine 10ú Eanáir ar na mallaibh.

Bhí an Fóram faoi stiúir daltaí na hidirbhliana iad féin.  D’eagraigh lucht na hidirbhliana an díospóireacht os comhair phobal na scoile agus daltaí ón 3ú & 5ú Bhliain i measc an lucht éisteachta. D’ullmhaigh siad ceisteanna do na polaiteoirí roimhré, rinneadh cathaoirleacht ar an chruinniú agus choinnigh siad smacht ar chúrsaí ama is an plé ar fad á láimhseáil acu.  B’iontach dóibh an deis tuairimí na páirtithe a fháil ar cheisteanna oideachais, sláinte, eisimirce, fostaíochta, sóisialta Thuaisceart na hÉireann agus eile

Bhí daltaí an choláiste an-bhródúil agus buíoch gur éirigh leo ionadaíocht ó na páirtithe polaitiúla áitiúla seo a leanas:

Fine Gael: Seosamh Ó Laoi, Comh.

Fianna Fáil:  Michael Kitt, T.D. Leas-Cheann Comhairle

Sinn Féin: Trevor Ó Clochtartaigh, Seanadóir.

 

Arsa urlabhra ar son na ndaltaí: “ le fírinne, thosaigh an plé i gceart eadrainn nuair a d’fhág na polaiteoirí agus muid ag dul siar ar na hábhair éagsúla idir lámha againn.  Cinnte, d’fhág siad ábhair machnaimh againn uile.”

 

Grianghraf faoi iamh:

Fóram 2014: Scolairí idir pholaiteoirí ar cuairt ar Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí le deireannas.

Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, Róisín Nic Craith, Sinéad Pokall agus Saoirse Ní Mhainnín (daltaí), Michael Kitt, T.D. Leas-Cheann Comhairle, Fianna Fáil  agus an Comh. Seosamh Ó Laoi, Fine Gael

pic

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:16:08

Admin/login Comments RSS

ILBF