Foireann péile an PSNI ag imirt i gcoinne CLG na Beilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

In agallamh leis an gclár Cormac ag a Cúig inniu ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, labhrann Seán Kelly MEP, agus iar Uachtarán CLG, faoin gcuairt atá foireann peile an PSNI ag tabhairt ar an Bhruiséal inniu. Is é an tUasal Kelly a thug cuireadh don bhfoireann, agus níor dearnadh aon phoiblíocht ar an gcuairt de bharr cúinsí sábháilteachta. Níos luaithe inniu, thug na póilíní ón PSNI cuairt ar Pharlaimint na hEorpa, áit ar phléigh siad cúrsaí slándála agus póilíneachta san Eoraip. Níos deireanaí tráthnóna, ag 7 pm, imreoidh siad cluiche in éadan CLG na Beilge. Is é Seán Kelly Uachtarán Oinigh ar CLG na Beilge, agus is é a rinne urraíocht ar an gcorn a bhronnfar ar na buaiteoirí. San agallamh le Cormac Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Seán Kelly: ‘Thug mé cuireadh dóibh mar nuair a bhí mé i m’uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael, bunaíodh foireann caide an PSNI agus bhí cúrsaí an-deacair dóibh ag an am sin. Bhí sé fiú amháin deacair dóibh aon fhoireann a fháil a imreodh ina gcoinne. Bhuaileas leo agus le Comhairle Uladh ag an am, agus de réir a chéile shocraigh rudaí síos agus fuair siad cúpla cluiche – ar dtús ó na Gardaí, ansin DCU, agus ansin cúpla club sa Tuaisceart, agus ó shin i leith tá siad ag imirt agus ag dul ó neart go neart.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:52:12

Admin/login Comments RSS

ILBF