Fógraíonn Glór na nGael gearrliosta comórtas 2013

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fógraíonn Glór na nGael gearrliosta comórtas 2013

D’fhógair Glór na nGael gearrliosta moltóireacht chomórtais náisiúnta 2013 inniu tar éis dó anailís a dhéanamh ar níos mó ná 60 tuairiscí iar-mholtóireachta ón bhfoireann a thug cuairt ar breis agus 60 pobail fud fad na hÉireann, thar tréimhse coicíse i Mhí Dheireadh Fómhair.

 

Dúirt Ceannasaí Ghlór, Lorcán Mac Gabhann, gur cúis áthais agus bróid de Ghlór na nGael an sár-obair atá idir lámha ag na coistí atá cláraithe leis gcomórtas agus “I mbliana tá níos mó ná 120 coistí agus grúpaí pobail ceangailte le Glór na nGael, cuid acu ag plé le gnéithe ar leith d’fhorbairt na Gaeilge, cuid eile atá rannpháirteach i ngach gné den phleanáil agus buanú teanga. Tá scéalta na gcoistí sin cloiste agus scrúdaithe ag moltóirí Ghlór na nGael anois, agus inniu fógraímid gearrliosta na gcoistí a ndéanfar measúnú agus moltóireacht eile orthu chun buaiteoir na bliana a aimsiú”, a dúirt sé.

 

Dúirt Bainisteoir Ghlór na nGael, Nóra Welby, go raibh trí rannóg de choistí faoi mholtóireacht go dtí seo agus “go ndearadh trí fhoireann éagsúil moltóireacht ar choistí Gaeltachta, coistí atá ag plé le daonra le níos lú ná 10,000 duine, agus coistí atá ag plé le daonra le níos mó ná 10,000. Tá trí choiste curtha ar aghaidh, ó gach rannóg, chuig an ngearrliosta, sé sin, naoi gcinn san iomlán.  Beidh na coistí seo in iomaíocht don Phríomhdhuais Náisiúnta, €20,000, atá urraithe ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus na duaiseanna náisiúnta eile atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.”

 

Is iad na coistí atá anois ar ghearrliosta na bliana (in ord aibítreach) ná:

 

Gaeltacht

 

Áislann Rann na Feirste, Co Dún na nGall

Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe

Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co Dún na nGall

 

Pobal faoi 10,000 duine

 

Coiste Forbartha Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co Doire

Gaeilge Locha Riach, Co na Gaillimhe

Glór na nGael, Uachtar Tíre, Co an Dúin

 

 

Pobal os cionn 10,000

 

An Clár as Gaeilge, Co an Chláir

Cairde Teoranta, Ard Mhacha, Co Ard Mhacha

Glór Cheatharlach, Co Ceatharlach

 

Cuirfear moltóireacht ar na coistí seo idir an 20 agus an 23 Samhain 2013 agus fógrófar na buaiteoirí go luath san athbhliain.

 

Guíonn Glór an nGael gach ráth ar na hiarrthóirí agus gabhaimid buíochas arís leis an coistí uilig a bhain páirt sa chomórtas i mbliana”.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 06:02:48

Admin/login Comments RSS

ILBF