Fleadh Feirste – fleadh den scóth faoi lán seoil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.facebook.com/FleadhFeirste2012

Seoladh Fleadh Feirste 2013 ag ócáid i gCultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich aréir. Dámhscoil Loch Lao a chuir tús leis an fhéile aréir agus orthu sin a léigh go poiblí ann bhí Conchubhar Ó Liatháin, Seán Ó Muireagáin agus Stiofáin Ó Díreáin. Patsaí Dan Mac Ruairí a bheidh ar na réalta inniu nuair a sheolfar taispeántas ealaíne le Patsaí Dan i ngailearaí na Cultúrlainne, na Ballaí Bána. Orthu sin a bheidh páirteach sna himeachtaí idir seo agus deireadh an Fhleadh ar 1 Nollaig tá John Spillane, Grainne Holland, clann Mhic Ruairí, Griogair Labhruidh, Kathleen Mac Innes, Brendan Ó Suilleabháin, Aisling Óg, Réalta agus go leor leor eile. Dé hAoine ar 4.30in beidh lásadh na Soilsí Nollag ag an Chultúrlann agus déanfar leabhar le Nicolas Mac Cathmhaoil, Muiris ó Gormáin, Beatha agus Saothar, a sheoladh Dé Sathairn ag meánlae. Beidh craoladh seachtrach beo ag Raidió Fáilte ón Fleadh sa Chultúrlann Dé Sathairn ar 1.00in.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 22:24:03

Admin/login Comments RSS

ILBF