Fleadh Feirste: Féile na Ceathrún Gaeltachta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Filleadh Fleadh Feirste!

FF 2012 (1)Ba mhór an rath a bhí ar Fhéile na Ceathrún Gaeltachta le ceithre bliana anuas, agus is cinnte go mbeidh an cúigiú féile ar an cheann is fearr go dtí seo. Tá clár na féile 2013 lán scothimeachtaí gaelacha a mbainfidh achan duine sult astu!   Is idir 27 Samhain – 1 Nollaig a bheas féile na bliana seo ar siúl, agus John Spillane, Kathleen MacInnes, Clann Mhic Ruairí, Griogair Labhruidh, Réalta, Gabriel McVarish, Gráinne Holland, Patsy Dan Mac Ruairí, The Trasna Céilí Band, JJ Ó Dochartaigh, Brendan O’Sullivan, ‘The Minions’, Santa Claus agus a thuilleadh eile mar chuid di!   Féile is ea í Fleadh Feirste, ina ndéantar láidreachtaí, tallann agus spiorad mhuintir na Ceathrún Gaeltachta a cheiliúradh. Tá an spiorad pobail agus an bród sa chultúr Gaelach go mór le sonrú sa Cheathrú Ghaeltachta anseo i mBéal Feirste, agus beidh ardán á chur ar fáil ag Fleadh Feirste le scoth na Ceathrún Gaeltachta a chur i lár an aonaigh. Beidh níos mó ná 30 imeacht á gcur ar fáil thar thréimhse cúig lá; ceardlanna páistí, coirmeacha ceoil, imeachtaí litríochta, seisiúin cheoil thraidisiúnta, seoltaí leabhar, léacht, craoltaí beo raidió, cuairt ó Dhaidí na Nollag agus lear mór eile ina measc!   “Is iomaí imeacht úrnua atá i gclár na bliana seo,” a mhaíonn Frainc Mac Cionnaith, Eagraí na Féile. “Is í ceolchoirm ‘Sláinte na nGael’ príomhimeacht na bliana seo, a dhéanann canúintí éagsúla na hamhránaíochta Ghaelaigh a mheascadh le blaiseadh uisce beatha! Tá ceolchoirm ar an chlár leis an amhránaí iomráiteach as Corcaigh, John Spillane, atá ar siúl go speisialta do ghrúpaí scoile, chomh maith le himeacht filíochta agus an deis giota aisteoireachta ‘as Gaeilge’ a dhéanamh bunaithe ar na radhairc is fearr leat ó scannáin chlúiteacha”.   Tá na gnáthimeachtaí bliantúla i gclár 2013 chomh maith; lasadh shoilse na Nollag agus dinnéar/léacht ‘Cothaigh’ ina measc.   Tá clár iomlán na féile ar fáil anois ar www.culturlann.ie

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:38:38

Admin/login Comments RSS

ILBF