Fiosrúchán Imscrúdúchán Reachtúil le bunú chun nua líomhaintí faoi chúléisteacht a iniúchadh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt an Taoiseach sa Dáil tráthnóna go bhfreagróidh an tAire Alan Shatter ceisteanna faoi na scannail is líomhaintí éagsúla sa Dáil Déardaoin. Ach dúirt Gearóid Mc Adam TD go mba cheart don Aire Dlí is Cirt éirí as agus chuir an tAire Michéal Ó Máirtín in iúl gur deacair muinín a chur a thuilleadh san Aire mar Aire Dlí is Cirt. Ach dúirt an Taoiseach go bhfuil muinín aige as Alan Shatter agus go leanfaidh sé le bheith ag cur feabhas agus biseach ar chóras nach bhfuil ag obair mar a ba cheart. Tamall I ndiaidh don Coimisinéir Callinan éirí as ar maidin tugadh le fios tráthnóna go mbeidh Coimisiún Fiosrcháin á bhunú chun líomhaintí a bhaineann le córas taifeada a mhair ar feadh na mblianta a bheith ar bun ag stáisiúin de chuid an Gharda Síochána. Beidh breitheamh sinsearach nó iarBhreitheamh sinsearach I gceannas ar an fhiosrúchán seo. Thiocfadh leis an chasadh is úire seo I scéal an Gharda Síochána tionchar a imirt ar go leor cásanna cúirte tuigtear. Bhí an córas taifeadta ann do scairteanna chuig agus ó go leor stáisiúin I bhfeidhm ar feadh na mblianta go dtí mí na Samhna seo caite agus dar leis an rialtas go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis an scéal seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:11:32

Admin/login Comments RSS

ILBF