Fiosrúchán ar chúrsaí baincéireachta le bunú gan mhoill – an tAire Howlin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tAire do Chaiteachas Poiblí Breandan Howlin go bhfuil an rialtas chun coiste fiosrúchán a bhunú láithreach bonn chun a iniúchadh cliseadh na heacnamaíochta is na baincéireachta. Dar leis gur coiste bheag ab fhearr leis an rialtas, seachtar nó naonúr ball, déanta suas go mór mór de bhaill an Oireachtais. Tá an Príomh-Aoire le dul i dteagmháil láithreach leis na páirtithe Dála maidir le bunú an choiste fiosrúcháin seo. Is é Ciarán Lynch, Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Cathaoirleach ar an Choiste Airgeadais,  a bheidh ina Chathaoirleach ar an choiste nua. Deir an tAire go gcreideann sé go mbeidh roinnt tuarascála ón choiste, iad dírithe ar ghnéithe ar leith, ach dhiúltaigh sé tuar cé chomh fada is a mhairfidh an fiosrúchán. Ach dar leis go bhfuil sé muiníneach go mbeidh siad i mbun séisiúin poiblí píosa maith roimh dheireadh na bliana seo. Mesatar go mbeidh aird ar leith ag an choiste nua ar ról an Rialtóra Airgeadais agus áisínteachtaí eile de chuid an stáit.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:37:22

Admin/login Comments RSS

ILBF