Fiosrúcháin nua ar mharuithe arm na Breataine i mBéal Feirste in 1972

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thug an Ard Aighne ó thuaidh, John Larkin, le fios inniu go bhfuil sé i ndiaidh a ordú go mbeadh cúig coiste cróinéara nua ann maidir le bás cúigear duine a maraíodh i gceantar Cnoc na Foinse i mBéal Feirste Thiar ar 6 Iúil 1972. Mharaigh arm na Breataine Margaret Gargan, John Dougal, David McCafferty, Patrick Butler agus an tAthair Noel Fitzpatrick in imeacht cúpla uair a chloig de réir mar a tháinig sos cogaidh IRA chun críche an lá sin. Mhaígh pobal na háite gur sibhialtaigh iad na mairbh agus go raibh a marú ina sléacht ar aon dul le marú 11 sibhialtach sa cheantar céanna11 mí roimhe sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-16 10:44:56

Admin/login Comments RSS

ILBF