Fine Gael ag dul síos le fána, Fianna Fáil ag treisiú, pobalbhreith nua Irish Times

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá tacaíocht Fhine Gael ag titim go suntasach más cruinn do phobalbhreith nua an Irish Times/MRBI. Agus den chéad uair le blianta fada tá Fianna Fáiil anois ar aon leibhéal tacaíochta le Fine Gael. Rinneadh an pobalbhreith is úire an tseachtain seo agus léiríonn sé go bhfuil Fine Gael ar 25% ar titim 5% ón am deiridh. Tá Sinn Féin ar 21% faoi mar a bhí roimhe seo. Tá Páirtí an Lucht Oibre ar 8%, titim 1%, Fianna Fáil, 25%, ardú 5%, agus Neamhspléacaigh / Eile 21%, méadú 3% ar a dtacaíocht siúd.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 05:53:05

Admin/login Comments RSS

ILBF