Filleatán tionscadail NAMA don tuaisceart díolta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fógraíodh inniu gur dhíol NAMA iomlán na ndrochiasachtaí agus socmhainní a bhí ina fillteán Sé Chontae in aon bheart amháin le déanaí. Is comhlacht infheistíochta ó Nua Eabhrac , Cerberus, a cheannaigh an fillteán. Níor thug NAMA le fios cá mhéad ar íoc Cerberus as na socmhainní ach bhí luach £4.5 billiún luaite roimhe seo leis an fhillteán.  Ghabh Peter Robinson buíochas leis an rialtas ó dheas as a bheith ag bainistiú fillteán na Sé Chontae ar bhealach tuisceánach is éifeachtach, ó taobh an tuaiscirt de, agus mhaígh go gcuirfidh an díol dlús faoi ghnóthaí eacnamaíochta sna Sé Chontae. Dan Quayle, iar leas-Uachtarán Mheiriceá atá i gceannas ar Cerberus agus gheall sé go n-oibreodh siad ar bhealach tuisceanách agus cúramach agus iad ag plé amach anseo leis na hiasachtaí agus socmhainní atá anois faoina gcúram ó thuaidh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 18:15:43

Admin/login Comments RSS

ILBF