Féile Scoil Drámaíochta Bhéal Feirste 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Féile Scoil Drámaíochta Bhéal Feirste 2014

 

Beidh an t-ochtú  Féile Scoil Drámaíochta Bhéal Feirste ann ar an Déardaoin 6ú mí Mhárta. Cruinneoidh gaelscoileanna na cathrach agus  contae Aontroma le chéile i gColáiste Feirste i gcroí lár na Ceathrún Gaeltachta   chun drámaí a chur i láthair an phobail, na scoileanna a dtuismitheoirí, a mhúinteoirí agus níos tábhachtaí i láthair an mholtóra!

 

Thosaigh Féile Bhéal Feirste ocht mbliana ó shin faoi stiúir Sheáin Mhic Labhraí i gColáiste Mhuire. Ní raibh ach dornán scoileanna ar bord ag an am, anois, tá Féile Bhéal Feirste ar cheann de na féilte scoildrámaíochtaí is mó fais ar an oiléan.

 

Beidh  gaelscoileanna na cathrach páirteach san imeacht is mó drámaíochta i bhfeilire na scoileanna, sin scaifte iontach d’aisteoirí óga tallanacha ó Bhunscoil Phobal Feirtse, ó   Ghaelscoil na bhFál, ó  Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Ghaelscoil an Lonnáin.

Tógaíl croí atá   ann do lucht na féile go mbeidh  scoileanna eile ó Chontae Aontroma páirteach agus fiú Contae an Dúin, Gaelscoil Ghleann Darach, Gaelscoil an Chaistil, Gaelscoil Éanna agus Bunscoil Dhún Pádraig.

 

 

Beidh Féile Uladh in Leitir Ceannáin, Tir Chonaill ag  deireadh mhí Mhárta, má éiríonn le scoil ar bith dul fríd agus Féile Náisiúnta ar an Mhuileann gCearr i mí Aibreáin.

 

Cuidíonn  Coláiste Feirste go mór leis an fhéile seo a chur ar fáil. Tá buiochás ar leith tuillte acu   don chomhoibriú agus don chaidreamh atá siad ag tógáil leis na gaelscoileanna aitiúla.

Chuidigh Cumann Chluain Ard agus go háirithe Foras na Gaeilge leis an fhéile a mhaoiniú. Thug siad urraíocht fhlaithiúil.

 

Beidh Joe Ó Gallchóir mar mholtóir ar an lá, agus post deacair roimhe. Tá fad taithi ag Joe le cúrsaí drámaíochta agus ceoldrámaí fud fad na tíre. Is príomhoide é i nGaelscoil Ultáin, i Muineacháin. Bhain a scoilse gradam ag Féile Náisiúnta  anuraidh.

 

Tá Féile Scoil Drámaíochta Bhéal Feirste ag dul ó neart go neart agus tá coiste nua le ceapadh don bhliain seo chugainn.

Má tá aon suim agat páirt a ghlacadh gabh i dteagmháil le Seán Fennell, Gaelscoil na bhFál r-phost-fennstar06@yahoo.co.uk

 

 

drama

Déardaoin 6ú Márta 2014

Coláiste Feirste

Féile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste

 

09.30  Oscailt Oifigiúil (moltóir:)

 

10.00 Gaelscoil an Lonnáin

Bróg na gCat (Comórtas 6)

 

 

10.30 Gaelscoil na bhFál

(Comórtas 9)*

 

 

11.00 Bunscoil an tSléibhe Dhuibh

    Na Cinníní agus Na Trí Bhéar (Comórtas 14)*

 

 

11.30 Gaelscoil Éanna

Oíche Dhraíochta i nGleann Gormlaithe

 (Comórtas 6)

 

 

12.00 Gaelscoil an Chaistil

An Draoi Oz (Comórtas 5)

 

12.25 Lón

 

 

 

 

1.00  Bunscoil Mhuire agus Phádraig

 

 

1.30  Gaelscoil Ghleann Darach

          Rí na Leon (Comórtas 6)*

           

 

2.00  Bunscoil Phobal Feirste

           Luaithríona (Comórtas 9)*

 

 

2.30   Bronnadh agus Moltóireacht

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-24 04:10:54

Admin/login Comments RSS

ILBF