Féile Na Bealtaine – déanaigí réidh!!

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Reachtálfar Féile Na Bealtaine (1-5ú Bealtaine), féile ealaíon dhá theangach don 20ú bliain (fiche bliain ag fás) timpeall leithinis Chorca Dhuibhne. Is iomaí ábhair a chlúdaítear le linn na féile sa sceideal le níos mó ná 100 imeachtaí ann! Mealaíonn an fhéile níos mó daoine áitiúla agus cuairteoirí bliain i ndiaidh bliana. Dhiúltaigh Little Green Cars féile i ndiaidh féile mar theastaigh uathu teacht go Féile Na Bealtaine thar aon fhéile eile i mbliana agus is iad san buaicphointe ó thaobh an cheoil don t-aos óg. San ráite, is deacair é a rá cén buaicphointe atá ann mar tá Cara O’ Sullivan chun filleadh chun na féile leis an Degani Ensemble. Fáilteoimíd roimh an réalt áitiúil Muireann Nic Amhlaoibh agus a grúpa geanúil Danú, fad is a bheidh Eriú ar stáitse i Sáipéal Naomh Séamus leis na foinn is fearr. An gcreidfeá go mbeidh Lisa O’Neill, Seamus Begley, Eoin Duignan, Claudia Schwab, Sophie Coyle, Birds of Chicago, Early House agus an Booka Brass Band san fhéile chéanna? Geallfaimíd gliondar croí agus spraoi le fir ghrinn i mbun acrobataice, puipéid, rógaireacht agus eile do pháistí agus do dhaoine fásta. I mbliana, táimíd ríméideach faoin mórshiúil, siúilóid a éiríonn níos mó gach bliain. Cuirfear é seo ar bun Dé Domhnaigh, Bealtaine 4ú. Leanann an mhórshiúil uair a chloig, ach, le linn na bliaina chaith idir ealaíontóirí, déagóirí, tógálaithe, mic léinn, muinteoirí am ag cabhrú agus ag cruthú feistis is frapaí don lá speisialta lán le draíocht. Is é téama na mórsiúile ná Litríocht na Leanaí agus mar sin ná bíodh aon hionadh ort má fheiceann tú leabhair mhóra ag damhsa timpeall na sráideanna nó carachtéirí ósréalaíoch as na leabhair is ansa leat ag eitilt síos Shráid an Doirín! Má tá coinsias soisialta agat nó suim agat sa pholaitíocht, tugtar cuireadh duit teacht chuig Teach na Cúirte an Daingin, áit ina gcuirfear agallaimh le cuid de na daoine is fearr ó thaobh físe agus tuisceana in Éirinn daoine ar nós an tAthair Peter Mc Verry, an t-iar gobharnóir Mountjoy agus bunaitheoir New Beginning Ross Maguire i measc eile. Déanfar plé le healaíontóirí áitiúla agus mar tugtar cuireadh duit an deis a thapú chun labhairt leo agus do chuid tuairimí a nochtadh faoi conas tabhairt faoi na dúshláin chultúrtha agus eacnamaíochta in Éirinn. Cad faoin amharclann? Ná bígí buartha, tá sceideal níos drámatúla ná riamh…má chaitheann tú súil ar an Irish Times beidh tú ar an eolas faoin ainmniúchán don dráma nua is fearr in Éirinn Man In Woman’s Shoes le Mikel Murfi. Tá an dráma sin ag teacht go-dtí Pictiúrlann an Phoenix chomh maith le Small Plastic Wars a bhí sa Fringe in Alba. Beidh Don Wycherly ó Bacherlor’s Walk agus Fr Ted ar stáitse le ‘ After Sarah Miles’ chomh maith le ‘A practical guide to Women’ a bheidh ar stáitse sa Mhart sa Daingean (suimiúil)! Ach, seans go mbeidh tusa ar stáitse freisin, sa dúshlán drámaíochta 24uair a chloig san amharclann sa Lab, is féidir leat a bheith ar stáitse freisin! I dteannta na gearrscannáin a bhíonn ann go bliaintúil, beidh taispeántas ann do Run&Jump, príomhscannán a deineadh go háitiúil. Is iomaí taispeántas ealaíon a bheidh ann i ngach cearn den bhaile, bí ag faire amach , ní fios cad a fheicfeá, nó cén áit! Seachas sin, beidh ceardlanna, ióga, damhsa, Kevin Mc Aleer as Gaeilge, na filí Chill Pill ó Londain, Nuala Ní Dhomhnaill, ealaíontóirí ó R.A.D.E a bhí mar iar andúilí drugaí, ceardlann cócaireachta, turas rothair 125cm timpeall na leithinse álainn cois farraige………..leanann an liosta ar aghaidh… Tuilleadh Eolais: www.feilenabealtaine.ie . Íoslódáil an clár. Aimsigh físeanna. Ceannaigh ticéid! Tacaíonn An Chomhairle Ealaíon Féile Na Bealtaine- dar leo ‘is í Féile na Bealtaine an fhéile dheonach is fearr sa tír’ , dar le Fáilte Ireland ‘is í an fhéile is éagsúil in Éirinn..leanann an moladh.’ Bí linn, bí páirteach, bí le FnaB!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:57:34

Admin/login Comments RSS

ILBF