FEIDHMEANNACH NUA-CHEAPTHA DE CHUID CHONRADH NA GAEILGE LONNAITHE IN IÚR CINN TRÁ

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

FEIDHMEANNACH NUA-CHEAPTHA DE CHUID CHONRADH NA GAEILGE LONNAITHE IN IÚR CINN TRÁ

 

Tá áthas ar Chonradh na Gaeilge Seán Ó Murchadha as Baile Mhuineacháin a fhógairt mar Fheidhmeannach Ardú Feasachta agus Ilmheán, ceapachán nua atá maoinithe ag Foras na Gaeilge trí scéim maoinithe nua na gceanneagraíochtaí. Tá Seán Ó Murchadha lonnaithe in Áras Mhic Ardghail in Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin agus é ag díriú ar thionscadail ardaithe feasachta, Seachtain na Gaeilge agus Comhrá ’14 ina measc, a chur chun cinn i measc an phobail, go háirithe ó thuaidh.

 

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Cuireann an ceapachán seo go mór le cumas Chonradh na Gaeilge dul i bhfeidhm ar an bpobal agus Seachtain na Gaeilge agus tionscadail eile ardaithe feasachta i leith na Gaeilge de a fhorbairt. Tá an-áthas orainn go bhfuil Seán lonnaithe in Iúr Cinn Trá agus go mbeidh sé ag obair go dlúth agus ag tacú le grúpaí pobail éagsúla ar an talamh ó thuaidh.”

 

Arsa Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ardú Feasachta agus Ilmheán: “Táim ar bís a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge agus táim ag súil go mór leis an dúshlán romham feasacht i leith na Gaeilge a ardú i measc an phobail agus rannpháirtíocht ghníomhach sa teanga a spreagadh.”

 

Tá rannóg Sheachtain na Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge ag díriú sna seachtainí rompu ar thionscadal ardaithe feasachta agus curiarracht dhomhanda, Comhrá’14, don chomhrá leanúnach Gaeilge is faide ar domhan riamh, a reáchtáil trí shraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge a nascadh le chéile ó 5 – 12 Deireadh Fómhair ar feadh 169 uair a’ chloig san iomlán. Beidh uair a chloig cainte ag gach dream agus bainfear leas as an idirlíon chun na grúpaí Gaeilge éagsúla a cheangal le chéile agus Comhrá ‘14 a shruthú beo ar leathanach idirlín na curiarrachta ar www.snag.ie/comhra ar feadh an ama. Beidh deis ag an bpobal trí chéile páirt a ghlacadh ar Twitter leis an haischlib #comhra.

 

Tá grúpaí á lorg chun cuidiú le Comhrá ’14 agus freagracht a ghlacadh as uair a chloig amháin (nó níos mó), mar sin más spéis leatsa nó le do chiorcal comhrá áitiúil páirt a ghlacadh sa chomhrá leanúnach Gaeilge is faide ar domhan riamh, seol an dáta agus an tréimhse ama gur mhaith le do ghrúpa tabhairt fúithi chuig comhra@cnag.ie nó glaoigh ar lároifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 4757401.

 

Chomh maith leis sin, tá oifig Sheachtain na Gaeilge ag féachaint ar aghaidh ar fhéile na bliana seo chugainn agus dátaí socraithe cheana féin do 1 – 17 Márta 2015. Tá foireann Sheachtain na Gaeilge ar fáil chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt d’aon ghrúpa a bhfuil suim aige páirt a ghlacadh san fhéile. Más suim leat teagmháil a dhéanamh le hoifig na féile, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an lároifig ag snag@cnag.ie+353 (0)1 4757401 nó le Seán Ó Murchadha in Áras Mhic Ardghail, Iúr Cinn Trá ag sean@cnag.ie, +44 (0)28 30257812, +44 (0)7548 393601+353 (0)86 3352220.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-24 05:43:46

Admin/login Comments RSS

ILBF