Fear marbh, beirt sábháilte in eachtra amach ó chósta Chorcaí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fuarthas corp fir agus sábháladh beirt fhear a bhí i sáinn i ndiaidh taisme báid amach ó chósta Chorcaí ar maidin. Chuaigh an triúr amach ar thuras báid inné agus nuair nár fhill siad faoi luath ar maidin inniu cuireadh fios ar an Gharda Chósta. Fuarthas beirt de na fir agus tugadh chuig an ospidéal láithreach iad. Fuarthas corp an tríú fear, fear as Sasana a bhí ina chónaí i gCorcaigh tuigtear, agus é báite.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:34:37

Admin/login Comments RSS

ILBF