Fear le sceana agus claíomh gafa agus é ag iarraidh dul isteach i dTeach Laighean

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá tuairisc ann go bhfuil fear a raibh sceana agus claíomh aige, gafa i dtailte Tí Laigheann agus é ag iarraidh dul isteach ann . Más cruinn do na tuairiscithe bhí dá scian ag an fhear agus iad ceilte ina stocaí agus claíomh aige lena chois. Tuigtear go deachaigh sé thar claí isteach agus rith i dtreo an fhoirgnimh ach gur éirigh le Gardaí agus maoir de chuid an Oireachtais gréim a fháil air agus é a smachtú. Tharla an t-eachtra ag 4.35 agus tugadh an fear chuig stáisiún na nGardaí ag Sráid an Phiarsaigh. Roinnt blianta ó shin rinne Michael Stone iarracht dul isteach sa Tionól ag Stormont agus airm éagsúla ina sheilbh, féacháil, dar leis, le hionsaí a dhéanamh ar cheannairí Shinn Féin. Chlis air áfach nuair a thug bean mhaor faoi agus chuir é i sáinn i ndoras imrothlach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 14:27:24

Admin/login Comments RSS

ILBF