Fear gan dídeán faighte marbh i mBÁC ar maidin inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na Gardaí nach bhfuil siad ag fiosrú aon choir maidir le bás fir gan dídeán a fuarthas a chorp ar maidin i lána le taobh Sráid an Dáma i mBaile Átha Cliath. Tuigtear gur fear as an Pholainn a bhí i gceist agus go raibh sé sna 50í. Meastar go raibh sé ina chónaí ar na sráideanna le roinnt blianta anuas. Tuigtear gur tugadh an fear chuig Ospidéal Naomh Shéamais aréir le go gcaithfí le fadhb léighis a bhí ag cur as dó ach gur shocraigh sé gan fanacht san ospidéal. Fuarthas marbh ar ball é.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 21:59:10

Admin/login Comments RSS

ILBF