Fear cúisithe as a bheith ceangailte le buama na hOmaí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cuireadh I Leith fear anocht go raibh baint aige leis an ionsaí ar an Omáigh in 1998 a mharaigh 29 duine. As Muineachán do Seamus Daly agus bhí sé ar dhuine de cúigear fear ar ordaíodh dóibh £1.5m a íoc mar chúiteamh le gaolta iad siúd a maraíodh sa phléasc. D’ordaigh an cúirt dóibh an -airgead a íoc I ndiaidh do roinnt gaolta cás dlí sibhialta a thógáil. Níor ciontaíodh aon duine riamh as a bheith freagrach as buama na hOmaí agus ní léir cén cúis go díreach atá le cur I Leith Seamus Daly. Gabhadh é Dé Luain na seachtaine seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 07:42:18

Admin/login Comments RSS

ILBF