Fear á cheistiú maidir leis an ionsaí ar Theach Tábhairne Mc Gurk

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dhearbhaigh an PSNI inniu go bhfuil siad ag ceistiú fir maidir leis an ionsaí dílseach ar Theach Tábhairne Mc Gurk i mí na Nollag 1971 nuair a maraíodh 15 duine. Bhí sé ar na húafáis a ba mheasa a tharla le linn na dTrioblóidí. Bhí an UVF freagrach as an ionsaí ach ar feadh blianta fada chuir an RUC in iúl gur phléasc buama de chuid an IRA a bhí á ullmhú sa teach tábhairne. Ar maidin ghabh an PSNI fear 75 bliain d’aois i mBéal Feirste Thoir agus tá seisean á cheistiú faoin eachtra. Cháin gaolta na marbh agus náisiúnaigh an dóigh ar phléigh Matt Baggott, ArdChonstábla an PSNI, le  tuarascáil a d’ullmhaigh Ombudsman na bPéas thuaidh, tuarascáil a mhaígh go raibh fiosrúchán an RUC claonta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 07:43:13

Admin/login Comments RSS

ILBF