Fear á cheistiú, fear eile á lorg i ndiaidh do ghasúr a bheith scaoilte i mBaile Átha Cliath

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na Gardaí go bhfuil fear á cheistiú acu faoin eachtra a tharla i mBaile Átha Cliath oíche Aoine nuair a scaoileadh gasúr 6 mbliain d’aois sa mhuirneal taobh amuigh dá theach féin. Bhí an t-ádh dearg air nár maraíodh é dar le finnéithe súl. Scaoil beirt fhear ar fhear eile i mBaile Fearmoid agus theith leo, duine acu ar rothar, an dara duine ar chos. Thug duine a bhí ag dul thairis cúram leighis don ghasúr agus an otharcharr ag teacht. Deir na Gardaí gur baineadh stangadh as duine de na gunnadóirí nuair a thuig sé go raibh siad i ndiaidh páiste a scaoileadh agus gur mhoilligh sé roimh theitheadh. Ghabh na Gardaí fear sna tríochaidí, an fear a ionsaíodh meastar, lena cheistiú faoin eachtra.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:09:38

Admin/login Comments RSS

ILBF