Tá fear á cheistiú ag an Gharda ar an Mhuileann gCearr faoi imeacht as radharc Mary Boyle, 6 bhliain d’aois, nach bhfuarthtas tasc ná tuairisc di ó d’imigh sí as radharc agus í faoi chóngar do theach a sheanmháthara i mBaile Uí Sheanáin i mí Mhárta 1977. Thig leis an Gharda an fear a choinneáil faoi choinne 24 uair a chloig. Bhí athbhreithniú ag Garda ar chás Mary Boyle dhá uair le blianta beaga anuas.