Fear á cheistiú faoi fhuadach is faoi mharú Jean Mc Conville

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ghabh an PSNI fear (56) ar maidin in Iarthar Bhéal Feirste agus tá siad ag ceistiú an fir maidir le fuadach is marú Jean Mc Conville. Níl níos mó sonraí ar fáil go fóill ach thig leis an phéas an fear a choinneáil faoi choinne roinnt laethanta lena cheistiú. Coicís ó shin cuireadh i leith Ivor Bell, fear a luadh tráth leis an IRA, go raibh baint aige le marú Jean Mc Conville, rud a shéan sé go láidir. Ligeadh saor ar bannaí é. D’fhuadaigh an tIRA Jean Mc Conville, matháir ar deichniúr, i mí na Nollag 1972. Bhí líomhaintí ann gur brathadóir a ba ea í, rud a shéan a clann. Fuarthas a corp i gContae Lú in 2003.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:35:21

Admin/login Comments RSS

ILBF