Feachtas €80,000 le cabhrú le díol agus léamh leabhar Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

5,000 teideal ‘beo’ ar fáil i nGaeilge Tá feachtas margaíochta agus fógraíochta nua, agus luach €80,000 air, le rith ag Foras na Gaeilge, thar ceann foilsitheoirí, dáileoirí agus díoltóirí leabhar Gaeilge, chun daoine breise a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Rithfear an feachtas idir seo agus an Nollaig, buaicphointe na bliana maidir le díol leabhar. Ag fógairt an fheachtais dó, dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur ceann de na spriocanna a bheidh ag an bhfeachtas ná a chur ina luí ar an bpobal i gcoitinne go bhfuil réimse leathan leabhar den scoth ar fáil. Dúirt sé, “Cuireann sé ionadh ar dhaoine nuair a deir muid leo go bhfuil 5,000 teideal ‘beo’, mar a thugtar sa ghnó air, ar fáil as Gaeilge, agus go bhfuil suas le 250 teideal nua á gcur leis an líon sin gach aon bhliain. Cuireann ardchaighdeán na leabhar Gaeilge atá ar fáil ionadh freisin orthu siúd nach bhfuil cur amach rialta acu ar na leabhair seo agus, go minic, ní thuigeann daoine cé chomh leathan agus atá réimse na n-ábhar a bhíonn faoi chaibidil ag údair i nGaeilge. “I mo thuairimse, seo í bliain na leabhar Gaeilge. De bharr an lagtrá eacnamaíochta, ba cheart dúinn ár gcuid airgid a chaitheamh sa bhaile, é a choimeád sa gheilleagar baile. Níl aon leithscéal ag an bpobal GAN leabhair Ghaeilge a cheannach mar bhronntanais dá bpáistí, dá dtuismitheoirí ná d’aon duine eile is mian leo.” Mar chuid den fheachtas, beidh gearrliosta ‘Leabhar na Bliana’ as Gaeilge á fhógairt ag deireadh na míosa agus tá sé mar aidhm go mbeadh gach siopa leabhar trasna na tíre in ann cóipeanna de na leabhair seo a bheith ar lámh acu. Tá dhá chomhlacht chumarsáide, The Media Group agus The Keogh Partnership/Mods & Rockers, roghnaithe againn, trí thairiscint oscailte, chun feachtas uile-oileáin a rith agus an scéal a scaipeadh sna meáin náisiúnta agus réigiúnacha traidisiúnta chomh maith le sna meáin shóisialta. Beidh deiseanna ceannaithe á n-eagrú freisin trí thobshiopaí agus aontaí leabhar i mórchuid de scoileanna na tíre.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-23 07:56:24

Admin/login Comments RSS

ILBF