Feachtas á Eagrú le go mbeidh Nuachtán Clóite Ghaeilge curtha ar fáil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

            Feachtas á Eagrú le go mbeidh Nuachtán Clóite Ghaeilge curtha ar fáil.

 

Tá roinnt gníomhaithe teanga i saol na Gaeilge tagaithe le chéile le feachtas a eagrú le iarraidh ar Foras na Gaeilge athmhacnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a deineadh nach mbeadh an nuachtán seachtainiúil Ghaeilge, atá le airgeadú ag Foras na Gaeilge, ar fáil ach i bhformad leicteonach ar an idirlíon.

 

Deireann Donncha Ó hÉallaithe, ag labhairt dhó ar son an fheachtais, go gcreideann na daoine atá ag tacú leis nach bhfuil an cinneadh faoin nuachtán ag tíocht leis na mianta a léiríodh sa suirbhé a rinne Foras na Gaeilge mar chuid den próiséas comhairliúcháin, a reachtáileadh níos túisce i mbliana.  ‘Do réir torthaí an tsuirbhé sin ní raibh ach 21% dena freagróirí i bhfábhar ‘foilseachán nuachta leictreonach ar fáil ar líne amháin’, an formáid don nuachtán nua Ghaeilge atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge. Creideann muide, le freastal i gceart ar phobal na Gaeilge agus leis uasmhéid léitheoirí a bhaint amach, go mba cheart an nuachtán seachtainiúil a bheith ar fáil mar nuachtán clóite, chomh maith le bheith ar fáil ar líne.’

 

Chomh maith le sin deireann an Feachtas nach bhfuil an cinneadh ag tiocht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. “Tá muid ag iarradh anois ar Foras na Gaeilge athmhacnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a deineadh Lá Samhna agus an bealach a fhágaint oscailte le go bhféadfaí  an nuachtán a chur amach i bhformáid leicteonach agus i bhfoirm chóite, le go sroisfidh sé uasmhéid lucht léite na Gaeilge.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-24 05:36:17

Admin/login Comments RSS

ILBF