Fanacht 14 uair a chloig ar thralaí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

14 uair ar thralaí do bhean aosta in Otharlann Leitir Ceanainn Labhair bean as Gaoth Dobhair le RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu faoi mar ab éigean dá máthair, a bhfuil ailse uirthi, 14 uair a chaitheamh ar thralaí in Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn. Dúirt Bríd Nic Suibhne le Séamus Mac Géidigh ar Bharrscéalta inné go raibh an teaghlach iontach míshásta faoin dóigh ar caitheadh lena máthair, Máire Uí Dhomhnaill. Tugadh Máire chuig an otharlann tráthnóna Dé Luain ag 5 pm, ach níor tugadh leaba di go dtí 7 am an mhaidin dár gcionn. ‘Baineadh fuil agus cuireadh ceisteanna pearsanta uirthi agus í ina suí ar thralaí i hallway san A&E. Ní raibh príobháideachas ar bith aici.’ ‘Ní raibh inti ach uimhir. Chuir mise ceist cén uair a d’fheicfeadh an dochtúir í, agus dúirt siad liom go raibh sí sa cúigiú háit ar an liosta. Dhá uair an chloig go leith níos deireanaí, bhí sí sa ceathrú háit.’ ‘Tá ailse uirthi, agus tá’s againn uilig go gcaithfear othair le hailse a chosaint ó ghalair eile. Dúradh linne go gcaithfeadh sí dhul díreach go oncology dá n-éireodh sí tinn. Tá sé contúirteach di. Dúradh linn go dtiocfadh tinneas éigean eile an bás a thabhairt di, slaghdán nó pneumonia’. ‘Scéal s’againne atá ann inniu, ach scéal dhuine inteacht eile a bheas ann amárach’ Mhol sí obair na mbanaltraí agus na ndochtúirí, a dhéanann a ndícheall, ach go bhfuil a gcuid lámha ceangailte. ‘Tá rud inteacht contráilte leis an chóras. Cén fáth go gcaithfidh mo mháthair dhul tríd A&E nuair a éiríonn sí tinn? Ba chóir a bheith ábalta í a thabhairt díreach go oncology áit ar féidir lena cuid dochtúirí fhéin amharc isteach i gcás s’aici. Cén freagra atá ag na polaiteoirí agus na bainisteoirí ar na ceisteanna seo?’ Bhí Bríd faoi agallamh inné ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-21 00:52:14

Admin/login Comments RSS

ILBF