Fáiltíonn Campbell roimh chinneadh ar úsáid Ghaeilge le péas

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fáiltíonn Campbell roimh chinneadh ar úsáid Ghaeilge

 

Chuir an Comhairleoir Kevin Campbell fáilte roimh chinneadh chun cúiseanna a tharraingt siar in aghaidh fir sa chathair a thug a chuid mionsonraí don PSNI as Gaeilge. Bhi Kevin Campbell ag labhairt tar éis do chúiseanna in aghaidh fear 49 bliana d’aois bheith tarraingthe siar. “Is cinneadh céillí é seo,” arsa Kevin Campbell. “Tá líon mór daoine i nDoire agus ar fud na hÉireann ag labhairt Gaeilge mar ghnáth theanga cumarsáide achan lá. Agus tá sé de cheart acu sin a dhéanamh. “Agus tá líon mór de theangacha á labhairt ag go leor daoine eile na laethe seo a chuireann le saibhreas agus le héagsúlacht dár sochaí. “Bhí díomá orm mar sin nuair a tugadh an cás seo chun tosaigh sa chéad dul síos. “Tá 250 oifigeach de chuid an PSNI i ndiaidh síniú suas don tionscnamh Líofa le Gaeilge a fhoghlaim nó lena gcuid Gaeilge a fheabhsú. “Ba cheart mar son don PSNI agus d’fhearais stáit eile an tábhacht chultúrtha de theangacha a aithint agus b’fhéidir gur cheart dóibh traenáil a thionscnamh le heachtraí mar seo a sheachaint sa todhchaí.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive