Fáilte roimh an tsocrú nua do phinsinéirí a bhí sa státseirbhís ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá fáilte curtha ag Dominic Bradley Ball Tionól an Tuaiscirt don Iúr agus d’Ard Mhacha  agus urlabhraí airgeadais Pháirtí Daonlachach Sóisialta an Lucht Oibre roimh shocrú atá déanta idir an ceardchumann NIPSA agus Roinn Airgeadais an Tuaiscirt maidir le héileamh ar chothromaíocht pá atá déanta ag pinsinéirí a bhíodh fostaithe ag Státsheirbhís an Tuaiscirt.; rachaidh an socrú seo seo chun socair 1,200 pinsinéir . Costnóidh an socrú seo £2m.   Tháinig an t-eolas faoin tsocrú nua chun solais nuair a d’fhreagair Aire Airgeadais an Tuaiscirt ceist faoin ábhar le linn tráth na gceist sa Tionól De Luain seo caite.  Dúirt Bradley i ráiteas a d’eisigh sé inniu go raibh sé sasta leis an tsocrú nua,   ‘Cuirim fáilte romh an comhaontú atá déanta idir an Aire agus NIPSA de thoradh an athrú dleathach a cheadaíonn iar-íocaiochtaí dóibh siúd a chuir achainíocha faoi bhráid na cúirte.  Tugann an t-athrú dleathach seans d’iarfhostaithe eile a bhí fostaithe ag an státsheirbhís agus nár chuir achainíocha faoi bhráid na cúirte éileamh ar chothromaíocht pá a dhéanamh; ní amháin go bhfaighidh siad  an pá breise atá i dteideal a fháil ach gheobhaidh siad airgead breise leis.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive