Fáilte roimh aitheantas Unesco do Ghaillimh

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair Ard-Stiúrthóir UNESCO, Irina Bokova Uasal, i bPáras inniu go bhfuil Gaillimh ainmnithe anois mar Chathair Scannán UNESCO. Faoin Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO, tá Gaillimh anois ar cheann de chúig chathair ó ar fud an domhain a bhfuil an stádas seo bainte amach aici, stádas a bhfuil ardéileamh air. Tá an stádas céanna mar Chathair Scannán ainmnithe ag Gaillimh anois agus atá ag cathair Sydney na hAstráile agus ag comhchathair na Gaillimhe féin, Bradford san Ríocht Aontaithe. Is ainmniúchán domhanda buan atá i gceist leis seo. Tugann an stádas seo an sárchaighdeán is airde a aithnítear go hidirnáisiúnta ó thaobh na dtionscal cruthaitheach go Ghaillimh. Chomh maith leis an teideal mar Chathair Chruthaitheach na Scannán, beidh ballraíocht ag Gaillimh freisin i Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO.

 

Ba iad Ionad Scannán na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe a stiúir an próiseas tairisceana, próiseas é seo a cuireadh tús leis dhá bhliain ó shin. Cuireadh an aighneacht tairisceana dheiridh thar ceann an chuibhreannais, de bhreis agus 50 eagraíocht in iomlán ó ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe, faoi bhráid i mí an Mhárta, 2014.  I ndiaidh próiseas meastóireachta a bhí fíor-iomaíoch, b’éigean do UNESCO liosta de sheasca trí cathair ó ar fud an domhain a ghearradh síos go dtí caoga cathair agus, as sin, níor éirigh ach le fiche cathair acu sin a bheith ar an ngearrliosta ar deireadh.  Bhí Gaillimh ar cheann acu, agus d’éirigh le Gaillimh an teideal mór le rá seo, teideal atá buan mar Chathair Scannán UNESCO a bhuachan.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 08:32:56

Admin/login Comments RSS

ILBF