Fáilte fuar do mholadh Prendergast

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt Eamon Gilmore inniu nach rún dó éirí as mar cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre. Labhair an tUasal Gilmore mar aon le roinnt de pholaiteoirí sinsearacha Pháirtí an Lucht Oibre amach go láidir inniu i gcoinne mholadh Phil Prendergast go mba cheart do Emaon Gilmore éirí as mar cheannaire agus Joan Burton teacht i gcomharbacht air. Dar léi go bhfuil sí ag léiriú tuairim atá ag daoine ag gach leibhéal den pháirtí agus den eagras. Dúirt Pat Rabbitte go dtacaíonn sé leis an cheannaire agus nach raibh sé chun aon rud a rá faoin chuid eile dár dúirt Phil Prendergast. Beidh faill ag an fheisire Eorpach Prendergast a tuairim a chur i láthair an Aire Brendan Howlin tráthnóna nó beidh seisean amuigh ag cuidiú léi dul a lorg vótaí in Éire Theas. Dúirt sé níos luaithe inniu gur mheancóg a ba ea é caint Phil Prendergast agus nár cuidiú ar bith é caint den tsórt seo. Agus mhaígh an tAire Stáit Kathleen Lynch gur gá do Pháirtí an Lucht Oibre a bheith ag caint faoi cheisteanna toghcháin agus ní faoi cheannasaíocht Eamon Gilmore.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-28 23:12:15

Admin/login Comments RSS

ILBF